Thug Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine,Liz Truss ráiteas i dTeach na dTeachtaí inniu ina ndearna sí cur síos ar a bhfuil leagtha amach ag an rialtas ansin maidir leis an phrótacál agus Comhthionól Stormont.

Dúirt sí go gcaithfí an prótacal a athrú agus gur ar gcúl 'a fhágfaidh moltaí an Aontais Eorpaigh (AÉ) muid'.

'An réiteach atá ag an rialtas s'againne, bheadh sé ag teacht le cuspóirí na Breataine agus le cuspóirí an AÉ i dtús ama i dtaca leis an phrótacál seo'.

'Réiteodh sé an t-aighneas i dtrádáil idir oileáin na hÉireann agus na Breataine,chosnódh sé margadh aonair an AE i dteannta Chomhaontú Aoine an Chéasta', a dúirt sí.

'Ach' a dúirt sí 'an áit a bhfuil an fhadhb nach bhfuil moltaí an AÉ ábalta an imní atá ann faoin phrótacál seo a mhaolú'.

'Níl an dréacht atá ag an AÉ ina leith seo faoi láthair ábalta é seo a leigheas' a dúirt Liz Truss.

Dúirt sí ansin go mbeadh Rialtas na Breataine ag 'tabhairt isteach a reachtaíocht féin sna seachtainí atá romhainn le seo a chur ina cheart' mar a chuir sí é.

'Idir an dá linn tá fáilte i gcónaí roimh an AÉ teacht chun cainte leis an rialtas anseo féachaint leis an fhadhb a réiteach' a dúirt an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha i dTeach na dTeachtaí inniu.

An tAire Liz Truss ag labhairt i bParlaimint na Breataine

'Chuige sin tá cuireadh ag Maroš Šefčovič (Príomh-Idirghabhálaí an AE) teacht go Londain leis an scéal a phlé tuilleadh' a dúirt sí.

Bhí Liz Truss ag tabhairt aithisc i bParlaimint na Breataine i ndiaidh chruinniú d'Airí Rialtais na Breataine níos túisce ar maidin.

Dúirt ceannaire an DUP,Jeffrey Donaldson gur 'tús maith' a bhí in óráid Liz Truss ach gur theastaigh 'cruthúnas uaidh maidir leis an mbealach a n-oibreodh a cuid moltaí go praicticiúil'.

Jeffrey Donaldson ag tabhairt agallaimh i ndiaidh a chruinnithe inné le Príomh-Aire na Breataine,Boris Johnson

Tá sé ráite aigesan nach ngníomhóidh a pháirtí i dtaca le Feidhmeannas Stormont a chur ag obair arís go dtí go socraítear ceist an phrótacáil 'go sásúil'.

Tá Sinn Féin ag iarraidh dul i mbun rialtais ó thuaidh.

Deir a gceannaire siúd gur léir go bhfuil Rialtas na Breataine sásta an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh i dtaca leis an phrótacál.

Ar ndóigh níl sonraí na reachtaíochta seo a deir Liz Truss atá beartaithe ag Rialtas na Breataine foilsithe go fóill.

Deirtear go mbeidh na dindiúirí sin ar fáil sna laethanta atá romhainn.

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo,Simon Coveney go raibh comhrá aige aréir le Liz Truss ina ndearna sé soiléir é a dúirt sé nach é 'briseadh an dlí idirnáisiúnta an réiteach atá ar an ghéarchéim bainteach leis an phrótacal'.

Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine,Liz Truss

Dúirt an tAire Coveney freisin nach raibh 'aon chruinniú idir fóirne idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) agus na Breataine ó mhí Feabhra seo caite, agus go raibh sé in am dóibh beirt dul ar ais ag an mbord'.

Níos túisce thug Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann,Brandon Lewis le fios go ndéanfaidh Rialtas na Breataine iarrachtaí le dul i ngleic le fadhbanna trádála atá tagtha chun cinn i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann,Brandon Lewis

Tá imní ann go bhfuil sé i gceist ag an bPríomh-Aire,Boris Johnson reachtaíocht a chur sa tsiúl nach mbeadh beannacht an AE aige, go mbeadh sé ina chogadh trádála dá bharr agus gurb é oileán na hÉireann idir an 2 dhlinse a bheadh thíos leis.

'Déanfaidh muid ar gá a dhéanamh ionas gur féidir le hearraí bogadh ó mhórthír na Breataine go Tuaisceart Éireann sa bhealach gur chóir a léithid tarlú laistigh de mhargadh inmheánach.Faoi láthair níl sé sin ag oibriú mar is ceart faoin bprótacál' a dúirt Brandon Lewis.

'Ba mhaith linn sin a dhéanamh trí chomhréiteach leis an AE, ach tá sé de cheart againn freisin ár gcinneadh féin a dhéanamh ar mhaithe le pobal Thuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe i gcoitinne',a dúirt sé.

'Má chaitheann muid ár reachtaíocht féin a thabhairt isteach,ní loicfidh muid ar sin' a dúirt an tUasal Lewis.