Tá post fíor-neamhghnáthach ag duine de Rósanna Thrá Lí na bliana seo, agus an comórtas ag réiteach le bheith ar ais arís ar ardán i gCiarraí, an chéad uair ó 2019.

26 atá Clare-Ann Irwin atá fostaithe go lán-aimseartha ina hadhlacóir.

In 1834 a bhunaigh a sinsear Irwin's Funeral Directors.

Bhíodh Clare-Ann ag múineadh scoile ach is í anois an chéad bhean sa teaghlach tabhairt faoin ngnó, ag réiteach agus ag leagan amach na gcorp.

Don chéad uair ó 2019 - beidh féile idirnáisiúnta Rós Thrá Lí ar bun arís i gContae Chiarraí. / I mbliana tá post neamhghnáthach ag Rós amháin / post nach luaitear go minic le bean. Chas Áine Lally le Rós nua na Gaillimhe inniu.

Deir Clare-Ann gur deis a bheidh i bhFéile Rós Thrá Lí a léiriú do chailíní agus do mhná óga go bhfuil iliomad deis ar fáil anois dóibh nach mbíodh luaite tráth ach leis na fir.