Gearrfar pionós an tseachtain seo chugainn ar iar-iriseoir de chuid RTÉ atá ciontaithe in ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhean agus í ina codladh.

An mhí seo caite a chiontaigh giúiré Mícheál Ó Leidhin. 38 atá sé, de bhunú Uíbh Ráthaigh i ndeisceart Chiarraí. Bhíodh sé fostaithe i mBaile Átha Cliath ina eagraí polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

D'inis an bhean a d'fhulaing an t-ionsaí don chúirt inniu go raibh a hintinn agus a colainn truaillithe agus go raibh sí ar strae sa saol dá bharr. Beidh uirthi an t-ualach a iompar an fhad is a mhairfis sí a dúirt sí.

Tá ráiteas gearr foilsithe ag RTÉ ag rá nach bhfuil an t-iriseoir ag obair a thuilleadh leo.

Dúradh sa gcúirt gur casadh an bheirt ar a chéile i mBaile Átha Cliath, oíche i mí na Bealtaine 2018. Chuaigh siad le chéile chuig teach an fhir agus bhí caidreamh collaí comhthoiliúil eatarthu. Ach dúirt an bhean nach raibh gnéas uaithi mar nach raibh deis frithghiniúna ag ceachtar acu.

Chuala an chúirt gur thit siad ina gcodladh. Thug an bhean fianaise gur dhúisigh sí agus go raibh an fear luite uirthi agus é ag crúbáil a cuid cíocha. D’iarr sí air éirí as agus dúirt seisean a dúirt sí "sorry, I'm horny".

Dúirt an bhean go raibh sí trína chéile agus corraithe go mór agus go dhúirt sí leis an bhfear go raibh sé aisteach go raibh a leithéíd ar bun aige agus ise ina codladh.

D’inis sí don chúirt nár thoiligh sí in aon chor don méid a bhí tarlaithe.

Chuaigh siad ar ais a chodladh. Níos deirní thug Mícheál Ó Leidhin síob abhaile di. Labhair siad lena chéile an lá sin, ar an nguthán agus ar téacs, agus thug an bhean a mí-shásamh le fios dó faoin méid a bhí tarlaithe eatarthu. Tháinig seisean ar cuairt uirthi an oíche sin agus labhair siad lena chéile ar feadh breis is uair a’ chloig.

Dúirt abhcóide an ionchúisimh John Delaney gur aontaigh siad easaontú faoin méid a bhí tar éis tarlú an oíche roimhe sin agus ní raibh aon teagmháil acu lena chéile ó shin.

Chuaigh an bhean chuig na Gardaí mí an Aibreáin 2019.

I ráiteas do na Gardaí dúirt Mícheál Ó Leidhin nuair a dhúisigh sé an oíche sin go raibh fonn air leanacht ar aghaidh leis an gcaidreamh collaí a bhí eatarthu roimh sin. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh an bhean a dhúiseacht go mbeadh siad in ann leanacht ar aghaidh "fooling around". Dúirt sé gur iarr sise air éirí as, rud a rinne sé a dúirt sé.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh dúirt an bhean go raibh sí ag iarraidh an tionchar a bhí ag foréigean gnéasach uirthi a chur ar an taifead. Dúirt sí gur fhulaing sí truailliú gnéis agus í ina codladh. "An fear seo atá ciontaithe" a dúirt sí, "d’úsáid sé foréigean gnéasach imo aghaidh". Dúirt sí leis an gcúirt go raibh sé tar éis a colainn agus a hintinn agus a tuiscint uirthi féin agus ar a sábháilteacht sa domhan mór, a thruailliú. Bhí iarmhairtí aige a dúirt sí ar gach gné dá saol.

Dúirt an bhean gurbh í an oíche a hionsaíodh í an oíche dheireanach a rachadh sí a chodladh ag ceapadh go raibh sí slán sábháilte. Níorbh fhéidir di a shamhlú a dúirt sí go dtruailleodh duine go gnéasach í agus í ina codladh. Dúirt sí nár tháinig deireadh leis an strus agus eagla nuair a tháinig deireadh leis an ionsaí. Bhí sé ar a hintinn arís agus arís eile ó shin a dúirt sí.

Tar éis na heachtra dúirt sí gur airigh sí briseadh croí agus ciapadh nach bhféadfaí a mhíniú. Bhí sí scoite amach ón saol a dúirt sí. Tháinig strus mór ar a gaol lena muintir. Chaill sí cairde agus theip uirthi aon ghabháil chun cinn a dhéanamh ina gairm. D’inis sí don chúirt faoin dúlagar a d’fhulaing sí agus rinne sí cur síos ar iarracht a rinne sí lámh a chur ina bás féin.

Dúirt an bhean go gcreideann sí nach mbeadh caillteanas chomh tubaisteach fulaingthe aici dá mbeadh tacaíocht níos fearr ar fáil san sochaí do dhuine atá tar éis ionsaí gnéis a fhulaingt. Duine amháin a dúirt sí a bhí freagrach as, Micheál Ó Leidhin, ach sise a dúirt sí a d’fhulaing náire agus milleán mar gheall ar an méid a bhí déanta aigesan.

B’éigean di a dúirt sí íoc as seisiúin chomhairleoireachta agus coinní dochtúra.

Dúirt sí go raibh 3 bliana ann ó d’inis sí do na Gardaí faoin ionsaí go dtí go raibh an triail ann. Ní féidir glacadh leis sin a dúirt sí, ag cur iallach ar dhuine a d’fhulaing foréigean gnéasach fanacht sáinnithe sa tráma. Strus do-chreidte a bhí ann a dúirt sí, fianaise a thabhairt agus a ghabháil faoi chroscheistiú. Cheap sí go raibh taom croí ag teacht uirthi a dúirt sí.

Dúirt sí nár chuir a ráiteas tionchar íospartaigh clabhsúr ar an tráma agus go mbeadh uirthi a ghabháil i ngleic leis ar feadh a saoil. Ní dhéanfaidh sí dearmad air a dúirt sí, ach ní ligfidh sí dó leagan amach cé í féin. Dúirt sí go raibh sí ag gabháil ag fágáil ina diaidh gach ní gan bunús, gan fírinne a bhí ráite fúithi sa gcúirt, agus go bhfágfadh sí ina diaidh freisin an phian, an chiontacht, an ciúnas agus an náire. Fágfaidh sí an t-iomlán a dúirt sí faoin gciontóir gnéis atá freagrach as an ualach sin go léir.

Ghlac an Breitheamh Karen O’Connor buíochas leis an mbean faoi labhairt chomh deisbhéalach faoin tionchar leanúnach atá ag an ionsaí uirthi agus faoin mbealach uasal a ndeachaigh sí i ngleic leis an próiseas dlí.

Dúirt abhcóide an chosantóra Bernard Condon leis an gcúirt gur eachtra eisceachtúil aon-uaire a bhí tarlaithe. Ní raibh aon ghné tromchúiseach sa mbreis ann, ar nós éagsúlacht mhór in aoiseanna na bpáirtíthe, nó aon ghaol fola.

Bhí a chliant tar éis glacadh le breith an ghiúiré a dúirt sé agus bhí a chuid aiféala agus aithreachais curtha in iúl aige. Bhí taithí láidir oibre aige. Ní raibh sé tar éis aird na nGardaí a tharraingt roimh an eachtra seo, ná ó shin a dúirt sé.

Dúirt an t-abhcóide go raibh a phost caillte anois ag Mícheál Ó Leidhin agus go mbeadh sé deacair aige post eile a fháil amach anseo. Beidh sé freisin a dúirt sé ar chlár na gciontóirí gnéis, pionós nach beag a dúirt sé.

D’áitigh an t-abhcóide gur ar íochtar an réimse a bhí an cion agus d’ímpigh sé ar an mbreitheamh gan a chliant a chur sa bpríosún. Chuir sé litreacha tacaíochta ó mhuíntir agus ó pháirtí a chliaint faoi bhráid an bhreithimh.

Tugadh le fios sa gcúirt gur as Baile an Sceilg i gCiarraí ó dhúchas é Mícheál Ó Leidhin. Tá sé ina chónaí in Ard Aighin i mBaile Átha Cliath. Bhíodh sé fostaithe ina iriseoir polaitíochta tré mhéan na Gaeilge le RTÉ. Níor ciontaíodh in aon choir cheana é.

Dé Luain seo chugainn a dúirt an Breitheamh O’Connor a ghearrfar pianbhreith ar Mhícheál Ó Leidhin.