Lorgóidh an tSualainn ballraíocht i gcomhghuaillíocht armtha NATO a deir Príomhaire na tíre Magdalena Andersson mar chosaint in aghaidh "iompar bagrach" na Rúise.

Iompú iomlán é ar sheasamh na tíre, a bhí glan in aghaidh a ghabháil in aon chineál comhghuaillíochta leis na scórtha bliain.

D'fhógair an Fhionlainn inné go mbeidís ag lorg ballraíochta agus tá sé socraithe ag an tSualainn a n-iarratas féin a chur faoi bhráid NATO an lá céanna lena gcomharsan, as seo go lár na seachtaine.

Cruinniú de cheannairí thíortha NATO inné, - Berlin na Gearmáine

Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach bhfuil aon fhadhb ar leith ag an Rúis leis an bhFionlainn ná leis an tSualainn, ach dúirt sé go gcaithfeadh freagra a theacht ó Mhoscó má tharlaíonn méadú ar bhonneagar airm faoi stiúir Mheiriceá sa dá thír sin.

Tá 1,400km de theorainn idir an Fhionlainn agus an Rúis agus deir Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Ryabkov gur botún ollmhór atá déanta ag na tíortha Lochlannacha agus go mbeidh iarmhairtí fad-tréimhseacha aige.

Sergei Ryabkov

Tá rún ag an tSualainn toscaireacht taidhleoireachta a sheoladh go dtí an Tuirc mar chuid dá bhfeachtas a ghabháil le NATO.

Tayip Erdogan

Tá an Tuirc tar éis a rá nach móide go mbeadh siad an-dearfach faoin iarratas ar bhallraíocht. Deir an tUachtarán Tayip Erdogan gur tíortha tearmainn do "lucht sceimhle" iad na Críocha Lochlannacha.

Tá an Tuirc ag iarraidh go ndiúltódh an tSualainn aon chúnamh a thabhairt feasta do ghrúpaí a bhíonn ag tacú le cás na gCoirdíneach sa Tuirc.

Bheadh súil ag Ankara chomh maith meastar go gcuirfí deireadh leis an gcosc atá ar armlóin ar leith a dhíol leis an Tuirc, mar chuid den anonn is anall faoi iarratas ballraíochta na Sualainne.