Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis cosc isteach sa tír a chur ar 600 duine a bhfuil baint acu a deirtear le buíon coiriúil Kinahan.

Dírithe go sonrach ar an dornálaíocht ghairmiúil atá an cosc.

Tá sé fógartha mar chuid den fheachtas cuimsitheach atá ar siúl ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí san Eoraip agus i Meiriceá in aghaidh Mhuintir Kinahan.

Cuid de lucht ceannais Bhuíon Kinahan

An mhí seo caite a d'fhógair an Garda Síochána agus Roinn Státchiste SÁM go raibh srianta airgeadais agus taistil á ngearradh ar sheachtar duine agus dhá chuideachta a bhfuil baint acu leis an mbuíon coiriúil eagraithe. D’fhógair Roinn Stáit Mheiriceá freisin go raibh $5m de luach saothair á thairscint ar aon eolas a chuideodh leis an bhfeachtas an dlí a chur ar an mbuíon.

Is léir anois scála na srianta sin tar éis chruinnithe i Washington DC a bhí ag Leas-Choimisinéir na nGardaí John O’Driscoll agus Rannóg Custaim agus Cosaint Teorann Mheiriceá.

Deir an Leas-Choimisinéir go bhfuil 600 luaite leis na srianta agus creideann sé go mbeidh tuilleadh tíortha go luath ag fógairt srianta den chineál céanna tar éis d’údaráis i Meiriceá agus in Éirinn a bheith i gcomhairle leo.