Dhearbhaigh bainisteoir iomána Luimnigh,John Kiely go bhfuil siad le hiarraidh ar an lucht riartha i bPáirc an Chrócaigh an dara cárta buí a fuair Gearóid Hegarty in Inis tráthnóna a chur ar neamhní.

Ní raibh ach 6 nóiméad fágtha nuair a fuair Hegarty a dhara cárta buí sa chluiche seo idir An Clár agus Luimneach, rud a chiallaigh gur cuireadh den pháirc é.

Taispeántas breá ón dá fhoireann in Inis

Deir Luimneach gur tharla seo go héagórach agus nár leag Hegarty lámh ná cois ar Aaron Fitzgerald,cuma céard a bhreac an réiteoir ina chuid nótaí.

Bhí cluiche ar ard-chaighdeán inniu idir An Clár agus Luimneach, chríochnaigh sé ar chomhscór agus is iad an dá fhoireann chéanna anois a imreoidh i gCluiche Ceannais na Mumhan ar an 6Meitheamh.

Corcaigh buacach agus Alan Connolly ag scóráil cúil dóibh

I gcluiche drámatúil eile i gCraobh na Mumhan inniu d'éirigh le Corcaigh an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge agus fanacht i gCraobh na hÉireann.