Is le Liverpool Corn FA Shasana do 2021-22.

Ciceanna píonóis a shocraigh na buaiteoirí ar deiridh agus an cleas céanna tarlaithe arís do Chelsea.

Breis is 2 mhí ó shin a buaileadh Chelsea ar an dóigh chéanna i gcluiche ceannais Carabao, an freasúra céanna acu an lá sin agus a chriog iad inniu.

Bhí seansanna ag an 2 fhoireann sa tréimhse ama 120 nóiméad ach níor tapaíodh aon cheann

0-0 a chríochnaigh an cluiche seo i Staid Wembley tar éis 90 nóiméad, ní fhacthas aon chúl in am breise ach an oiread cé go raibh deiseanna ag an dá fhoireann scóráil i gcaitheamh an 120 nóiméad.

Mar is dual don ócáid,bhí neart drámaíochta ag baint leis na ciceanna éirice go háirithe na 4 cinn dheireanacha.

Bhuail Cesar Azpilicueta an cuaille rud a thug deis do Sadio Mane an lá a bhreith leis do na 'Reds'.

Ach nár shábháil Edouard Mendy a chic siúd agus fuair Chelsea deis anála arís.

Ansin an tuaiplis in athuair do fhoireann Londain, nár sháraigh fear na Brasaíle Alisson Becker an chic ó Mason Mount.

Alisson Becker (geansaí glas) ag sábháil na cice seo ó Mason Mount agus ag cinntiú bua Liverpool

Fágadh faoi Kostas Tsimikas ansin é a dheis scórála féin a thapú agus an bua 6-5 a chinntiú do bhuachaillí Jurgen Klopp.

Tá 2 thrófaí baile buaite ag Liverpool anois an séasúr seo agus iad fós san iomaíocht don 3ú ceann, comórtas mór na príomhroinne.

Faraor dóibhsean,níl ach 2 chluiche sraithe fanta agus tá Man.City, atá ag imirt thar barr faoi láthair, 3 phointe chun cinn.

Is cróga an té a chuirfeadh geall ar na 'Reds' anois éacht stairiúil a dhéanamh agus na 4 chomórtas a chrochadh leo.

Ach cá bhfios nach iad a bhuafaidh Corn mór na hEorpa,Sraith na Seaimpíní coicís ó inniu.

Imreofar an cluiche sin idir Liverpool agus Real Madrid sa Stade de France i bPáras ar an 28Bealtaine.