I gCraobh Iomána Laighean tráthnóna buaileadh Baile Átha Cliath go cuimsitheach sa bhaile ar Pháirc Parnell a bhuíochas do shár-thaispeántas ó Chill Chainnigh.

Bhí a 3 gcluiche buaite sa chraobh go dtí seo ag Baile Átha Cliath, ach ní bhfuair siad tada bog óna cait ar pháirc na himeartha inniu.

17 cúilín de bhearna a bhí ann ar deiridh, Cill Chainnigh ag scóráil 3-25 agus Baile Átha Cliath taobh le 0-17.

Cúl báire Bhaile Átha Cliath, Sean Brennan faoi bhrú

D'éirigh le laoch Chill Chainnigh,TJ Reid, sár-chluiche a bheith aige agus scóráil sé 1-7 san iomlán.

Bhí an-bhrú ar Chill Chainnigh an cluiche seo a bhuachan ó chaill siad in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc an Phiarsaigh coicís ó shin.

Is in aghaidh na Gaillimhe a bheidh Baile Átha Cliath ina gcluiche deiridh anois agus tabharfaidh Cill Chainnigh aghaidh ar Loch Garman.

Bhí fear anailíse na gcluichí iomána,John Mullane an-cháinteach ar iománaithe Bhaile Átha Cliath maidir leis an mbealach ar chaith siad tréimhse fhada ama dar leis amuigh ar an pháirc i ndiaidh an chluiche.

Josh Ryan agus a chomhimreoirí i Luimneach ag ceiliúradh

'B'fhearr dóibh dul isteach sa seomra feistis, éisteacht lena mbainisteoir Mattie Murphy agus díriú ar an gcéad chluiche eile i leaba a bheith ag togáil grianghraf le fóin phóca' a dúirt iar-imreoir Phort Láirge.

Ní bheadh Roy Keane féin chomh géar i mbun cáinte.

Sa chluiche eile iomána craoibhe i gCúíge Laighean inniu bhí bua an-éasca ag na cuairteoirí Gaillimh ar Laois.

I gCraobh Peile na Mumhan d'éirigh le Luimneach a gcéad chluiche ceannais cúige ó 2010 a bhaint amach i ndiaidh dóibh Tiobraid Árann a chloí i nDúrlas.