Tá foireann Laighean i gCluiche Ceannais na hEorpa.
Bhuail siad Toulouse i Leathchraobh na hEorpa i Stáid an Aviva,Baile Átha Cliath tráthnóna leis an scór 40-17.
Seaimpíní na bliana buailte mar sin ag foireann a bhí i bhfad ró-mhaith dóibh síos tríd.

Scóráil Toulouse úd sa dara leath ach níor scaoil Laighean ar ais sa chluiche riamh iad agus mhéadaigh an bhearna ina dhiaidh sin.
Chuir Hugo Keenan an barr ar an mbua agus é ag scóráil úid gar don deiridh.

Sa chéad leath chuir úid ó James Lowe agus John van der Flier bail mhaith ar fhoireann Leo Cullen
Bhí na bróga cuí ba léir freisin ar an gciceálaí Jonathan Sexton agus scóráil seisean 3 chic píonóis chomh maith le pointí breise 2 úd.
Léas dóchais do Toulouse an t-úd a fuair Antoine Dupont go gairid tar éis thús an chluiche.
Ar deiridh áfach ba léir Laighean i bhfad ró-mhaith agus imreoidh siad sa chluiche ceannais coicís ón lá inniu.
Foireann ón bhFrainc go cinnte a bheidh ina gcoinne mar gurb iad La Rochelle agus Racing 92 ó bhruachbhaile Pháras atá sa leathchraobh eile amárach.