Is i an tuairim i measc shaineolaithe míleata bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil an cath i gcathair Kharkiv san Úcráin buaite ag lucht a chosanta,saighdiúirí na hÚcráine.

An Institiúid Staidéar Cogaíochta a deir an méid sin.

Tá anailís ghéar déanta aige a deir sé ar iarrachtaí na Rúise seilbh a ghlacadh ar Kharkiv le 11 seachtainí.

Is í a thuairim gur theip ar na Rúisigh an dara cathair is mó san Úcráin, a chiorcalú.

'Ní bhfaighidh na Rúisigh seilbh ar Kharkiv'-Saineolaithe i Meiriceá

Is cosúil anois a mheasann an institiúid go bhfuil fórsaí na Rúise ag aistharraingt ón gcathair.

Tá measúnú déanta freisin ag an bhfaisnéis mhíleata sa Bhreatain ar stráitéis arm na Rúise i réigiún Donbas san Úcráin.

Deir sé nár éirigh go fóill leis an Rúis abhainn atá an-straitéiseach i Donbas, a thrasnú agus go bhfuil sí curtha ar gcúl ina cuid iarrachtaí.