Bhagair an Taoiseach,Micheál Martin go 'bhfágfar cúrsaí corrach i dTuaisceart Éireann má dhéantar aon iarracht baint ón bprótacál' atá i bhfearas anois mar thoradh ar chuid den socrú Breatimeachta.

'Dúírt mé é sin go soiléir leis an bpríomhaire Johnson an tseachtain seo caite' a dúirt sé.

Ag labhairt dó i gCorcaigh, dúirt an Taoiseach go gcaithfidh Rialtas na Breataine 'oibriú go gairmiúil anois leis an Aontas Eorpach chun na deacrachtaí ar fad bainteach leis an bprótacál a réiteach'.

Mhol an Taoiseach Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maros Šefčovič, ag rá 'gur oibrigh sé go crua' ar mhaithe leis an ngéarchéim a réiteach ach 'nach mórán dá mhacasamhail a fuair sé ó Rialtas na Breataine'.

'Ar mhaithe leis an daonlathas' a dúirt an Taoiseach 'caithfear an feidhmeannas a chur ar ais ar a chosa i Stormont'.

'Ar mhaithe leis an daonlathas' a dúirt an Taoiseach 'caithfear an feidhmeannas a chur ar ais ar a chosa i Stormont'.

'Ní bheidh Éirinn á húsáid mar fhichillín ar chlár na polaitíochta sa Bhreatain' a thug ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald le fios níos túisce inniu.

Dúirt sí go gcuirfí an méid sin in iúl do Phríomh-Aire na Breataine,Boris Johnson sa chruinniú Dé Luain.

Beidh sí féin agus Leas-Uachtarán Shinn Féin,Michelle O'Neill i mbun cruinnithe leis an Uasal Johnson nuair a thiocfaidh an príomhaire go Béal Feirste arú amárach.

Príomh-Aire na Breataine:Caithfidh Boris Johnson éisteacht le toirneach Dé Luain

Déarfaidh Sinn Féin leis an Uasal Johnson go bhfuil an prótacál seo, atá ag tarraingt na conspóide le fanacht.

'Ba cheart go mbeadh feidhmeannas agus gach a mbaineann leis ag feidhmiú anois' a dúirt an Teachta Dála McDonald 'ach níl sin ag tarlú mar go bhfuil Rialtas na Breataine ag tacú leis an DUP ina chuid teaicticí náireacha'.

Bhí Mary Lou McDonald ag labhairt i ndiaidh chruinniú d'Ard Chomhairle Shinn Féin inniu.

Inné dúirt ceannaire Shinn Féin i gComhthionól Stormont,Michelle O'Neill go bhfuil páirtí aontachtach an DUP ag cur an phobail ar fuascailt' i dtaca lena chuid iompar sa chomhthionól inné.

Dúirt sí go raibh an DUP ag séanadh an daonlathais ar an phobal ó thuaidh nuair nach raibh sé sásta spéicéir a ainmniú ionas go mbeadh Feidhmeannas Stormont in ann dul i mbun a chuid oibre.

Thug an Comhalta Tionóil do Lár Uladh le fios gur 'mhór an náire sin'.

'Tá Feidhmeannas anois againn a chuirfidh airgead ar ais i bpócaí an phobail ach tá an DUP á shéanadh sin nuair nach bhfuil sé sásta glacadh le toradh thoghchán an chomhthionóil.

Lá gaofar go maith i mBéal Feirste inné agus is maith a thuigeann Michelle O'Neill sin

Dúírt sí freisin gurb é an DUP féin faoi ndear 'Breatimeacht a bheith ina phraiseach' agus gur léir 'é féin agus na Tóraithe i Londain ag obair as lámha a chéile chuige seo'.

Ag labhairt di ar Nuacht Teilifíse RTÉ , 6-1 News tráthnóna inné, dúirt sí gur theastaigh uaithi 'a bheith ina Céad Aire do phobal uile Thuaisceart Éireann tré chéile'.

'Táim meáite ar a chinntiú go bhfaigheann pobal an Tuaiscirt an ionadaíocht a vótáil siad dó' a dúirt sí ar an gclár.

Dúirt sí go raibh labhartha aici leis an Taoiseach,Micheál Martin, an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney agus Príomh-Aire na Breataine,Boris Johnson i gcaitheamh na seachtaine.

Tuigtear freisin go rachaidh an Taoiseach go Béal Feirste Dé hAoine seo chugainn féachaint le snaidhm na faidhbe seo a scaoileadh.

Tá toscaireacht ó Theach na Comhdhála sna Stáit Aontaithe freisin le dul go Londain an tseachtain seo chugainn leis an ghéarchéim a phlé.

Naomi Long agus a páirtí ar bís le dul i mbun oibre i Stormont

Cháin ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta (Alliance), Naomi Long iompar an DUP chomh maith.

Dúirt sise go bhfuair an DUP i bhfad níos lú vótaí ná na páirtithe eile le chéile atá ag iarraidh dul i mbun gnó arís i Stormont.

Thug sí foláireamh don DUP 'gan a bheith rótheann as féin' agus dúirt go bhfuil sé 'ag rith ar thanaí'.

Ba inné a tháinig feisirí Chomhthionól an Tuaiscirt le chéile i Stormont den chéad uair ó toghadh iad an tseachtain seo caite, cé gur leamh an ócáid í ó chuir an DUP bac ar fheidhmeannas nua a bhunú.

Go gairid tar éis meán lae, chuir na hionadaithe nuathofa a n-ainmneacha le clár na bhfeisirí agus d'fhógair gach aon duine acu ar náisiúnaí, aontachtaí nó eile é nó í.

Tar éis am lóin, áfach, dheimhnigh Paul Givan ón DUP nach nglacfadh feisirí an pháirtí sin aon pháirt i dtoghadh spéicéara nua.

'Ní ghéillfidh mé ar cheist an phrótacáil'-Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson

D'fhág sin nach bhféadfaí aon ghnó tábhachtach eile a dhéanamh sa chomhthionól.

De réir gnáis, phléifí ceapadh Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire agus ós ag Sinn Féin atá an líon is mó suíochán, ís í leascheannaire an pháirtí sin Michelle O'Neill a cheapfaí ina Céad-Aire gan cheist.

Ní raibh i ráiteas Paul Givan ach deimhniú deimhnithe ó thug ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson le fios roimhe sin nach nglacfadh a chuid feisirí páirt i ngnóthaí Stormont ar an lá ná go brách go dtí go leasófaí ó bhonn nó go bhfaighfí réidh le Prótacal an Tuaiscirt.

Maíonn Donalkdson go bhfuil an bonn á bhaint den dílárú cumhachta ag an bprótacal.

Tá 6 mhí anois ann leis an aighneas seo a réiteach agus Rialtas Stormont a bhunú in athuair.

Mura dtarlaíonn sin, caithfear dul i mbun toghchánaíochta arís sa Tuaisceart sa bhFómhar.