Gardaí in Finglas investigating the shooting incident that occurred on St. Margaret's Road, Finglas on Friday have released one man without charge.
Tá fear amháin a bhí á cheistiú faoin lámhach i bhFionnghlas,Co.Bhaile Átha Cliath inné, scaoilte saor gan aon chúis curtha ina leith.
Ullmhófar cód do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.
Fear sna fichidí atá i gceist, bhí sé ar dhuine de bheirt a gabhadh inné maidir leis an eachtra lámhaigh a tharla ar Bhóthar Naomh Mairéad go gairid tar éis a 5 a'chlog sa tráthnóna.
Gabhadh fear eile mar chuid de fhiosrúchán na ngardaí agus tá seisean fós á cheistiú
Goineadh fear sna 20-idí sa chos ar Bhóthar Naomh Mairéad go gairid tar éis a 5 a'chlog.
Tugadh an fear chuig Ospidéal an Mater, áit ar cuireadh cóir leighis air.
Tuigtear nach bhfuil sé in aon bhaol báis.

Tá cúnamh an phobail maidir leis an eachtra seo á lorg ag na gardaí.
Níl a fhios go fóill an bhfuil aon bhaint ag gach ar tharla le hachrann idir coirpigh sa cheantar.
Le tamall anois, tá cuid mhór eachtraí foiréigin feicthe i gceantair Fhionnghlais agus Bhaile Bhlainséir a bhuíochas don bhruíon idir teaghlaigh éagsúla bainteach le coiriúlacht.
Ba é a deirtear ba chúis ansin le dúnmharú James Whelan,fear áitiúil, an mhí seo caite.