Tuairiscítear go bhfuil droichead pontúin scriosta ag fórsaí Úcránacha agus go bhfuil colún armúrtha Rúiseach nach mór curtha ó mhaith acu in oirthear na hÚcráine.

Deirtear gur scriosadh an droichead agus an colún Rúiseach ag iarraidh abhainn a thrasnú i réigiún an Donbass.

Maíonn Roinn Cosanta na Breataine go léiríonn físeán atá curtha ar fáil ag Aerfhórsa na hÚcráine gur scriosadh an droichead ar abhainn an Siverskyi Donets, siar ó chathair Severodonetsk in Oblast Luhansk.

Tá íomhánna san fhísean freisin de roinnt mhaith feithiclí armúrtha agus tancanna dóite taobh leis an abhainn.

Siúd is nach bhfuil an scéal sin deimhnithe ag nuachtóirí Reuters, tá sé á thuairisciú acu go bhfuil smacht ag fórsaí Úcránacha arís ar stráice 40 ciliméadar den bhóthar idir cathair Kharkiv agus abhainn an Siverskyi Donets, chomh maith leis an gceantar máguaird.

Deir an Bhreatain go bhfuil na Rúisigh ag déanamh a seacht ndícheall línte cosanta na nÚcránach sa Donbass a bhearnú ach go bhfuil ag rith leis na hÚcránaigh a gcoinneáil ó dhoras, go dtí seo ach go háirithe.

Dhearbhaigh ceannasaí pholasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell, inniu go gcuirfidh an tAontas luach €500 milliún breise de chúnamh míleata ar fáil don Úcráin, sin ar mhuin an €1.5 billiún atá á chur ar fáil cheana féin.