Tháinig feisirí Chomhthionól an Tuaiscirt le chéile i Stormont inniu den chéad uair ó toghadh iad an tseachtain seo caite, cé gur leamh an ócáid í ó chuir an DUP bac ar fheidhmeannas nua a bhunú.

Go gairid tar éis meán lae, chuir na hionadaithe nuathofa a n-ainmneacha le clár na bhfeisirí agus d'fhógair gach aon duine acu ar náisiúnaí, aontachtaí nó eile é nó í.

Tar éis am lóin, áfach, dheimhnigh Paul Givan ón DUP nach nglacfadh feisirí an pháirtí sin aon pháirt i dtoghadh spéicéara nua.

D'fhág sin nach bhféadfaí aon ghnó tábhachtach eile a dhéanamh sa chomhthionól.

De réir gnáis, phléifí ceapadh Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire agus ós ag Sinn Féin atá an líon is mó suíochán, ís í leascheannaire an pháirtí sin Michelle O'Neill a cheapfaí ina Céad-Aire gan cheist.

Michelle O'Neill ó Shinn Féin ag dul isteach i Stormont ar maidin

Ní raibh i ráiteas Paul Givan ach deimhniú deimhnithe ó thug ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson le fios ar maidin nach nglacfadh a chuid feisirí páirt i ngnóthaí Stormont inniu ná go brách go dtí go leasófaí ó bhonn nó go bhfaighfí réidh le Prótacal an Tuaiscirt.

Mhaígh sé go bhfuil an bonn á bhaint den dílárú cumhachta ag an bprótacal.

Dúirt Michelle O'Neill, áfach, go bhfuil an DUP ag cur an phobail ar fuascailt agus gur mór an náire sin. Iad féin faoi deara Breatimeacht a bheith ina phraiseach, ar sí.

Cháin ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta Naomi Long iompar an DUP chomh maith.

Dúirt sí go bhfuair an DUP i bhfad níos lú vótaí ná na páirtithe eile le chéile atá ag iarraidh dul i mbun gnó arís i Stormont.

Thug sí foláireamh don DUP gan a bheith rótheann astu féin agus dúirt go bhfuil siad ag rith ar thanaí.