Tá sé curtha i leith Rialtas na Stát Aonaithe ag iarthaidhleoir na Breataine David Frost nach go rómhaith a thuigeann siad Prótacal an Tuaiscirt ná cúrsaí an Tuaiscirt trí chéile.

Bhí David Frost ina phríomh-idirbheartaí leis an Aontas Eorpach thar ceann Rialtas na Breataine go dtí gur éirigh as a phost ag deireadh na bliana seo caite.

Breathnaítear air mar righneálaí de chuid na heite deise agus d'éirigh sé as a phost de bhrí nár aontaigh sé le polasaithe sóisialta agus eacnamaíochta Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson.

In óráid a thug sé uaidh do "mheitheal machnaimh" an Heritage Foundation i Washington, dúirt David Frost nach bhfuil aon cheart ag tíortha eile an liodán a léamh don Bhreatain maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Mhaígh sé ina óráid go gcaithfear Prótacal an Tuaiscirt a leasú nó rud éigin eile a chur ina áit.

Mhol sé do Rialtas na Breataine reachtaíocht a thabhairt isteach le fáil réidh le codanna den phrótacal nó leis an bprótacal ar fad go deimhin.

Dar le David Frost nach bhfuil aon rogha ag an mBreatain anois ach gníomhú go haontaobhach.

Is léir, ar sé, go bhfuil an bonn á bhaint de Chomhaontú Aoine an Chéasta ag an bprótacal.

Níl na forais a bunaíodh faoin gcomhaontú ag feidhmiú níos mó, níl aon fhonn ar aontachtaithe iad a chur ag feidhmiú agus ní féidir leanacht ar aghaidh ar an gcaoi sin, a dúirt sé.

I gcontrárthacht leis sin ar fad, dúirt an Taoiseach Micheál Martin inné go sáródh aon leasú aontaobhach ar an bprótacal conradh idirnáisiúnta agus gurb é sin a bhainfeadh an bonn de Chomhaontú Aoine an Chéasta.