Tá leithscéal gafa ag na póilíní ó thuaidh faoin bhfiosrúchán mar dhea a rinne siad maidir le dúnmharú seicteach fir 25 bliain is an lá inniu.

D'fhuadaigh agus mharaigh dílseoirí an LVF Seán Brown, oifigeach Chumann Lúthchleas Gael, ar an 12 Bealtaine 1997.

Fuadaíodh Seán Brown, a bhí 61 bliain d'aois, agus glas á chur aige ar gheataí pháirc Wolfe Tones Bhaile Eachaidh i gCo Dhoire.

Cuireadh é i gcófra a ghluaisteáin féin agus tugadh é go háit chúlráideach i mBaile an Randalaigh, Co Aontroma, 20 ciliméadar ar shiúl, mar ar lámhachadh é sé huaire.

Níor cúisíodh aon duine riamh ina dhúnmharú.

Chreid a theaghlach riamh gur chuir an RUC bac ar a bhfiosrúchán mar dhea féin de bhrí go raibh baint ag brathadóirí san LVF leis an dúnmharú.

In 2004, tar éis don tseirbhís póilíneachta ó thuaidh a bheith bunaithe as an nua, dúirt Ombudsman na bPóilíní ag an am Nuala O'Loan go raibh fiosrúchán an RUC "neamhiomlán agus uireasach" agus "nach ndearnadh "iarracht cheart teacht ar an mbuíon a rinne an dúnmharú."

Chuir baintreach Sheáin Brown, Bridie, atá 84 bliain, chuir sí an dlí ar na póilíní faoi mhíghníomh agus fhaillí.

Socraíodh an cás in imeacht cúig nóiméad san Ardchúirt i mBéal Feirste inniu.

Bridie Brown agus a teaghlach i mBéal Feirste inniu

Chomh maith le leithscéal a ghabháil, íocfaidh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann damáistí cúitimh le Bridie Brown.

Tiocfaidh na céadta daoine le chéile i mBaile Eachaidh anocht, áit a gcuirfidh Uachtarán CLG Larry McCarthy crann i gcuimhne Sheáin Brown.