Dúirt Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss go neamhbhalbh le leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič go mbaineann scéal Phrótacal an Tuaiscirt le síocháin agus slándáil inmheánach na Ríochta Aontaithe.

I gcomhrá teileafóin, thug Liz Truss le fios do Maroš Šefčovič "nach mbeadh aon rogha ag Rialtas na Breataine ach aghaidh a thabhairt ar an bprótacal [go haontaobhach]" mura ngéillfeadh an tAontas Eorpach d'éileamh na Breataine maidir leis an gceist.

Tuairiscítear gur mhaígh Liz Truss chomh maith gurb é an prótacal an bac is mó ar fheidhmeannas Stormont a bhunú arís.

Tá an prótacal mar atá sé ag cur as do chúrsaí trádála agus níltear ag caitheamh le muintir an Tuaiscirt mar a chaitear le gach duine eile sa Ríocht Aontaithe dá bharr, a dúirt sí.

Tá sé dearbhaithe go minic ag an Aontas Eorpach nach ndéanfaidh siad aon athrú ó bhonn ar an bprótacal ach go bhfuil siad sásta é a leasú chun feabhais.

I ráiteas i ndiaidh an chomhrá, thug Maroš Šefčovič le fios nach mbeadh aon ghlacadh ag an Aontas le gníomh aontaobhach agus go ndéanfadh a leithéid beag is fiú de na moltaí réitigh atá déanta cheana féin ag an Aontas agus den mhórdhua a caitheadh leis an gceist go dtí seo.

Mhaígh sé freisin go mbainfeadh a leithéid de dhrochbheart, go mbainfeadh sé an bonn de "na cúinsí ina bhfuil rochtain ag an Tuaisceart ar an margadh aonair."

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil caint Rialtas na Breataine ar an bprótacal ag cur leis an míshocracht pholaitíúil ó thuaidh.