Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach bhfuil a fhios aige an bhfuil suim ag Rialtas na Breataine obair i gcomhar le páirtithe eile le réiteach a fháil ar na deacrachtaí polaitíochta sa Tuaisceart.

Mhaígh Simon Coveney go bhfuil Rialtas na hÉireann ag iarraidh na deacrachtaí sin a réiteach in éindí le Rialtas na Breataine agus an caidreamh a bhíodh idir an dá Rialtas a bhunú as an nua.

Níl an caidreamh sin ann faoi láthair, a dúirt sé, agus caithfear sin a chur ina cheart.

Ag labhairt a bhí Simon Coveney tar éis dó bualadh le cuid de na príomhpháirtithe polaitíochta i Stormont inniu.

Thug sé le fios chomh maith go raibh imní air faoi thuairiscí go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine codanna de Phrótacal an Tuaiscirt a shárú gan an tAontas Eorpach a cheadú.

Dar leis go bhfuil ráitis éagsúla ó dhaoine éagsúla sa Bhreatain ag teacht salach ar a chéile agus nach féidir a bheith cinnte faoina bhfuil i gceist ag Rialtas na Breataine a dhéanamh.

Cibé ar bith, arsa sé, níl an Coimisiún Eorpach sásta lena bhfuil tugtha le tuiscint ag leithéidí Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss i dtaca leis an bprótacal de, go háirithe i bhfianaise na móriarrachtaí atá déanta ag an Aontas Eorpach teacht ar chomhréiteach.

Ag trácht dó ar thoghchán Chomhthionól Stormont an tseachtain seo caite, dúirt an Coibhdheanach gur chreid sé gur mhian le pobal an Tuaiscirt go mbunófaí an feidhmeannas ó thuaidh arís.

Bhí cainteanna aige inniu le Sinn Féin, Páirtí na Comhghuaillíochta, Páirtí Aontachtach Uladh agus leis an SDLP, agus labhair sé le ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson cúpla lá ó shin, a dúirt sé.

Tá feisirí nuathofa an chomhthionóil le teacht le chéile i Stormont arú amárach.