Deir na Gardaí a bhfuil dúnmharú mná i mBaile Munna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath á fhiosrú acu go mb'fhéidir gur maraíodh í tamall maith sular thángthas ar a corp inné.

Fuarthas corp Lisa Thompson, 52 bliain d'aois, ina teach cónaithe i nGairdíní Chnoc an Ghainimh i mBaile Munna ag thart ar 3.30 tráthnóna inné.

Is amhlaidh a sádh roinnt uaireanta í.

Dé Sathairn seo caite a chonacthas ina beatha go deireanach í go bhfios do na Gardaí agus tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic í idir dhá linn teacht chun cainte leo.

Tá súil ag na Gardaí go gcruinneoidh an scrúdú iarbháis am agus cúis a báis, agus tá scrúduithe dlí-eolaíochta á ndéanamh acu ar an teach arís inniu.

Lisa Thompson

Deir siad nach bhfuil a fhios acu fós cad ba shiocair leis an dúnmharú agus nach bhfuil aon duine gafa acu.

Tá fón Lisa Thompson á chíoradh acu agus tá rún acu labhairt le gach aon duine dá lucht aitheantais.

Bhí beirt pháistí óga ag Lisa Thompson, buachaill agus cailín.

Tá na páistí ina gcónaí in áit eile lena n-athair le tamall agus ní raibh siad i dteach a máthar nuair a maraíodh í.