Tuairiscítear go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag féachaint le teacht mórthimpeall ar a gcéilí comhraic Úcránacha agus a locadh i gcompal in oirthuaisceart na hÚcráine.

Tá rún ag na Rúisigh seilbh a ghabháil ar chathair Kharkiv, 125 ciliméadar ó thuaidh ón áit a bhfuil siad bunaithe i mbaile Izyum.

An-éadáil chogaidh a bheadh ann dá n-éireoidh leis na Rúisigh smacht a fháil ar Kharkiv ós í an dara cathair is mó san Úcráin í.

Ionsaí tríbheannach atá nó a bhí na Rúisigh a dhéanamh ar Kharkiv ach dealraíonn sé nach bhfuil cead fara agus fré acu, fós ar aon chor.

Tuairiscítear fórsaí Úcránacha a bheith fillte thar a mbráid agus frithionsaí á dhéanamh acu ar na Rúisigh.

Dar le hoifigeach sinsearach in Arm na hÚcráine go deimhin go bhfuil an ruaig curtha ar na Rúisigh as an gceantar agus go bhfuil saighdiúirí Úcránacha ag déanamh ar theorainn na Rúise anois.

Os a choinne sin, tuairiscítear go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag déanamh mórionsaithe airtléire ar cheantair Sumy agus Chernihiv in aice na teorann.

Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios gur thuas seal thíos seal a bheas cúrsaí cogaíochta feasta agus d'iarr sé ar mhuintir na tíre a bheith stuama staidéartha agus gan a bheith maoithneach ná rachtúil ar chloisteáil tuairiscí catha dóibh.

Ní bítear ag súil le bua agus caithréim gach uile lá ná gach uile sheachtain ach oiread, a dúirt sé.