skip to main content

Katie Taylor buacach i 'Madison Square Garden'

An Seaimpín Domhanda i gcónaí-Katie Taylor
An Seaimpín Domhanda i gcónaí-Katie Taylor

Tá an tUachtarán Michael D HIggins i ndiaidh a chomhghairdeas a chur in iúl don dornálaí clúiteach Éireannach,Katie Taylor.

Fuair Taylor an ceann is fearr ar a céille comhraic, Amanda Serrano, sa bhabhta dornálaíochta i Madison Square Garden aréir.

Fágann bua na hoíche aréir sa Chraobh Éadrom Mheáchan Domhanda gurb í bean Chill Mhantáin an seaimpín i gcónaí.

I dteachtaireacht ón Uachtarán Higgins dúirt sé léi go raibh 'gaisce mór eile déanta agat i do ghairm ollmhór'.

Tháinig Taylor chuici féin ón 5ú babhta agus chloígh bean Phuerto Rico

Tá a chairdeas curtha in iúl freisin ag an Taoiseach,Micheál Martin.

Bhí an chosúlacht aréir air ar feadh tamaill nach ag Katie Taylor a bheadh an bua, agus í ag fáil a dóthain le déanamh fanacht ar a cosa sa 5ú babhta.

Ach léirigh sí teacht aniar ar leith ina dhiaidh sin leis an troid a bhuachan ar phointí agus bean Phuerto Rico a chloí.

Bhí moltóir amháin a bhronn an troid ar Serrano, ach thaobhaigh an bheirt eile le Taylor.

Ba í aréir an chéad uair riamh a raibh troid idir beirt bhan ar an bpríomhimeacht sa gcró dornálaíochta iomráiteach sin i Nua Eabhrac,Madison Square Garden.