Adhlachadh i gCo Ros Comáin agus i Sligeach inniu Aidan Moffitt agus Michael Snee, an bheirt fhear a maraíodh ag tráthanna éagsúla i Sligeach an tseachtain seo caite.
Léadh teachtaireachtaí pearsanta ó Easpag Ail Finn an Dr Kevin Doran ag Aifrinn éagnairce na bhfear.
Dúirt an tEaspag Doran gur géire fós crá croí theaghlaigh na beirte de bharr thobainne a mbás agus de bharr an scéal a bheith faoi iomrá i gcóngar agus i gcéin.
Bhí baint ag Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois, le Fine Gael agus ba é a athair Tom a d'oil sa pholaitíocht é nuair a bhí sé ina ghearrstócach, arsa an tEaspag.
Bhí dúil ag Aidan sa rásaíocht chapall agus fear cuideachta a bhí ann freisin, a dúirt an tEaspag.
Tugadh samhailchomharthaí ar shaol Aidan chun na haltóra - bratach CLG Ros Comáin, éide marcaigh, máilléad agus mála cáipéisí ós ceantálaí a bhí ann, suaitheantas teaghlaigh na Moffitt agus dealbh den Mhaighdean Mhuire ina measc.
Cuireadh Aidan Moffitt i Reilig Lios an Choill i mBealach an Doirín, Co Ros Comáin.
Ag an dara hAifreann sochraide, dúirt an tEaspag Doran gur chaith Michael Snee, a bhí 58 bliain d'aois, gur chaith sé a dhúthracht ag obair ar son seanóirí agus daoine faoi mhíchumas intleachtúil.
Cúramóir agus póirtéir a bhí ann, arsa an tEaspag, an cineál oibre a bhfuil séimhe agus foighne riachtanach lena haghaidh.
Tugadh roinnt samhailchomharthaí ar shaol Michael chun na haltóra - grianghraf den teaghlach, grianghraf dá mhadra Oskar, muga caife agus a spéaclaí ina measc.
Ina aitheasc, dúirt an tAthair Noel Rooney, an sagart paróiste i Séipéal Naomh Iósaf i mBaile Uí Theimhneáin, go raibh sé tábhachtach nach gcealódh an t-uafás a bhain do Michael ag deireadh a shaoil an saol a chaith sé roimhe sin.
Cuireadh Michael Snee i Reilig Shligigh.
Tá fear 22 bliain d'aois cúisithe i ndúnmharú na beirte fear.