skip to main content

Ócáidí á n-eagrú i gcuimhne ar Michael Snee agus Aidan Moffitt

Aidan Moffitt (ar dheis) agus Michael Snee
Aidan Moffitt (ar dheis) agus Michael Snee

Tá ócáidí sollúnta á n-eagrú i Sligeach, Baile Átha Cliath agus áiteanna eile sna laethanta atá romhainn i gcuimhne ar Aidan Moffitt agus Michael Snee, an bheirt a maraíodh i Sligeach an tseachtain seo.

Bhí bigil i gcathair Phort Láirge ar maidin;tráthnóna inniu tá cinn i Halla an Bhaile i Sligeach agus i dTeach Laighean.

Tá bigilí á mbeartú freisin i gCill Chainnigh,Lú agus Loch Garman i láthair na huaire.

Is i mBaile Átha Cliath atá an príomhcheann, agus tús curtha leis sin thart ar Theach Laighean ón 6 a'chlog.

Ag labhairt di ar an gclár 'Today with Claire Byrne' ar RTÉ Raidió 1, dúirt Príomhfheidhmeannach LGBT Ireland, Paula Fagan, go bhfuil súil aici go mbeidh slua ollmhór ag na bigilí seo sna laethanta atá romhainn.

Tá ceann beartaithe don Fhaiche Mhór i nGaillimh ag a 7 a'chlog tráthnóna amárach.

Dúirt Paula Fagan go raibh suas le 35 bhigil á mbeartú san iomlán.

'Is deis iad le go dtiocfaidh daoine le chéile ionas gur féidir Aidan agus Michael a thabhairt chun cuimhne chomh maith le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú dá muintir agus dá gcairde' a dúirt Paula Fagan.

Tá a chomhbhrón curtha in iúl faoina bhfuil tarlaithe ag Fóram Idirchreidimh Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bigil i mBaile Átha Cliath tráthnóna

I ráiteas d'iarr sé ar dhaoine guaim a choinneáil orthú fhéin agus machnaimh a dhéanamh faoinar thárla.

'Caithfidh muid ar fad tacú lena chéile ag an am bhrónach seo', a deir Ionad Cultúir Ioslamaigh Shligigh- Liatroma.

Luan Cásca atá Michael Snee agus Aidan Moffitt le cur i gcré na cille.

Inné, cúisíodh fear 22 bliain d'aois i Sligeach maidir le marú Aidan Moffitt agus Michael Snee.

Tugadh Yousef Palani le seoladh baile ag Arda Markievicz os comhair na cúirte dúiche áitiúil i Sligeach tráthnóna inné.

Yousef Palani

Cúisíodh é i ndúnmharú Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois ar an 10ú Aibreáin ag a theach cónaithe in Arda an Chartúin i Sligeach agus cúisíodh é chomh maith i ndúnmharú Michael Snee, 58 bliain d'aois ag a theach cónaithe i Radharc na Cathrach ar an 12Aibreán i Sligeach.

Tá cúis eile curtha i leith Yousef Palani maidir le hionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar Anthony Burke ar an 9 Aibreán i Sligeach.

Ceadaíodh saorchúnamh dlí dó agus tá measúnú sícíatrach le déanamh air freisin.

Cuireadh Yousef Palani siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís ar nasc físe ar 21 Aibreán.