Tá Gardaí ag impí ar dhaoine a bhuaileann le daoine ar líne a bheith an-chúramach agus cara nó cairde dá gcuid a chur ar an eolas i gconaí faoi cá bhfuil siad.
Tá comhairle éisithe ag na Gardaí don bpobal go ginearálta maidir le daoine a chasann le daoine eile ar líne.
Baineann an chomhairle atá éisithe le cásanna ina bhfuil sé i gceist ag daoine casadh le duine a raibh comhrá acu leo ar líne.

Tá na Gardaí ag moladh do dhaoine pictiúr a fháil don té a bhfuil sé i gceist acu casadh leo roimh ré.
Tá siad ag moladh do dhaoine a bheith an-cháiréiseach, muna bhfuil an té atá i mbun comhrá leo ar líne sásta pictiúr reatha dóibh féin a roinnt, go háirithe má tá a bpictiúr féin roinnte acu leo.
Muna bhfuil fonn ar an duine atá i mbun comhrá ar líne pictiúr a sholáthar, molann na Gardaí ceist a chur orthu físghlaoch a dhéanamh. Deir na Gardaí go bhfuil an rogha seo anois ag cuid mhaith aipeanna agus nach gá uimhir ghutháin a roinnt chun é seo a dhéanamh.

Tá na Gardaí ag moladh chomh maith go lorgódh daoine eolas faoi chuntas ar na meáin shóisialta don duine atá i mbun comhrá leo agus a bheith san airdeall i gconaí faoi chuntais ar na meáin shóisialta nach bhfuil mórán daoine eile á leanúint agus nach bhfuil mórán pictiúir curtha in airde ar an gcuntas sin.
Tá siad ag moladh go láidir go gcuireann daoine a gcairde ar an eolas i gconaí faoi cá bhfuil siad ag dul.
Molann na Gardaí go mba cheart do dhuine téacs a chur ag cara mór leo chun iad a chur ar an eolas faoi cá bhfuil siad ar eagla na heagla go mbeadh cabhair ag teastáil.
Táthar ag moladh do dhaoine casadh le chéile in áit phoiblí ar dtús agus ansin i ndiaidh comhrá má bhraitheann duine compóradach is féidir dul go háit phríobháideach leis an duine eile.
Tá na Gardaí ag moladh do dhaoine macnamh a dhéanamh sula nglacann siad le bia nó le deoch ón duine eile ach amháin sa chás is go bhfaca siad an duine sin ag ullmhú na dí dóibh roimh ré.
Má bhíonn cás éigeandála ann, cuir glaoch ar 999.