skip to main content

Fear gafa ag Gardaí maidir le corp fir a fuarthas i Sligeach aréir, an dara corp atá aimsithe i Sligeach an tseachtain seo

Dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar bun ag Gardaí i Sligeach maidir le dúnmharú Aidan Moffitt a bhí 42 bliain d'aois agus Michael Snee a bhí 58 bliain d'aois
Dhá fhiosrúchán dúnmharaithe ar leith ar bun ag Gardaí i Sligeach maidir le dúnmharú Aidan Moffitt a bhí 42 bliain d'aois agus Michael Snee a bhí 58 bliain d'aois

Glaodh ar na Gardaí go teach ar bhóthar Uí Chonnachtáin i mbaile Shligigh timpeall ar leathuair tar éis a deich aréir.

Taobh istigh, fuarthas corp fir sna caogaidí, an dara corp atá aimsithe i Sligeach an tseachtain seo.

Ba é Michael Snee a bhí 58 bliain d'aois an té gur fritheadh a chorp sa teach.

Tuigtear gur gaolta a tháinig ar chorp an fhir ina theach cónaithe sraithe in eastát Radharc na Cathrach.

Deir na Gardaí gur bhain gortaithe tromchúiseacha don bhfear a maraíodh.

Caomhnaíodh an láthair thar oíche agus tá scrúdú dlí-eolaíoch ar bun ann inniu.

Tá corp an fhir fós ag an láthair agus scrúdú iarbháis le déanamh air.

Le tacaíocht ó Ionad Armtha na nGardaí, ghabh na Gardaí fear sna fichidí ag a ceathrú chun a dó ar maidin agus amhras ann gur dhúnmharaigh sé an fear.

Tá sé á choiméad ag Stáisiún na nGardaí i Sligeach agus is féidir é a cheistiú ar feadh 24 uair an chloig.

Tráhnóna Dé Luain, fuarthas corp fhear eile i Sligeach, corp Aidan Moffitt. Rinneadh íospairt ar chorp Aidan Moffitt ina theach cónaithe in Arda an Chartúin.

Aréir, thug na Gardaí le fios go bhfuil siad ag fiosrú an amhlaidh gur bhuail Aidan Moffitt leis an té a mharaigh é ar líne.

Tá siad ag scrúdú chomh maith an coir fuatha a bhí i gceist le dúnmharú Aidan Moffitt.

Inniu dúirt an Príomh-cheannfort Aidan Glackin ó Stáisiún Ghardaí Bhaile Shligigh go bhfuil fiosrúchán ar bun acu maidir le an raibh baint ag na dúnmharaithe le coireanna fuatha.

Dúirt sé chomh maith go raibh siad ag iarraidh a fháil amach ar bhuail an bheirt fhear a dúnmharaíodh ar an mbaile leis an té a d'ionsaigh iad ar líne.

Deir na Gardaí go bhfuil a n-intinn oscailte ina bhfhiosruchán faoi dhúnmharú na beirte. Tá siad ag scrúdú gach féidearthacht agus ag fiosrú chomh maith an bhfuil ceangal acu le h-eachtra eile i gceantar Shligigh le gairid.

Tá siad ag iarraidh ar dhaoine a raibh teagmháil nár thaitin leo nó a ghoill orthu acu le duine nó a d'fhulaing ionsaí d'aon chineál, glaoch ar na Gardaí i Sligeach.

"Tá foireann ar leith a bhfuil oiliúint san éagsúlacht acu, ag obair anseo. Is mian linn cloisteáil uaibh, tá muid anseo le h-éisteacht libh agus anseo le tacú libh."

Tá sé ráite ag an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil sé suaite ag an dá mharú i Sligeach agus d'impigh sé ar aon duine le haon eolas, an t-eolas sin a roinnt le Gardaí.