skip to main content

"Malairt treo riachtanach le téamh na cruinne a choinneáil faoi smacht"

Mianach guail Ffos-y-Fran sa Bhreatain Bheag atá le dúnadh i mbliana
Mianach guail Ffos-y-Fran sa Bhreatain Bheag atá le dúnadh i mbliana

Ní mór don chine daonna a bheith éirithe as gual a dhó go huile agus go hiomlán faoin mbliain 2050 leis na spriocanna maidir le téamh na cruinne a leagadh síos i gcomhaontú Pháras a bhaint amach, a deirtear i dtuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe.

Ní hé sin an scéal ar fad ó deirtear sa tuarascáil go gcaithfidh laghdú 60% agus 70% faoi seach a bheith déanta ar an méid ola agus gáis a dhóimid faoin tráth sin chomh maith.

De réir na fianaise is deireanaí, a deirtear, tá astaíochtaí gás ceaptha teasa ardaithe 12% ón mbliain 2010 agus 54% ó 1990.

Ar an táin sin, a deir na saineolaithe, ní cosúil go mbeifear in ann téamh na cruinne a choinneáil faoi 1.5 céim mar atá beartaithe.

Ní bhainfear an sprioc amach mura mbeidh laghdu 43% taghta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030, dar leo.

Os a choinne sin ar fad, tugtar aird sa tuarascáil ar an méid atáthar a dhéanamh ar son na haeráide i dtíortha áirithe.

Sna háiteanna atá i gceist, a mhaítear, níltear i dtaobh le breosla iontaise chomh mór agus a bhíodh, tá iompar poiblí á leictriú agus tá éifeachtúlacht fuinnimh ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad.

Níl ann ach go gcaithfear dlús a chur leis an dul chun cinn i ngach uile áit gan mhoill, de réir na tuarascála.