skip to main content

Imní gur maraíodh 300 duine in ionsaí ar amharclann i Mariupol an tseachtain seo caite

Imní go bhfuil 300 maraithe in ionsaí ar amharclann i Mariupol
Imní go bhfuil 300 maraithe in ionsaí ar amharclann i Mariupol

Tá imní léirithe ag oifigigh de chuid na hÚcráine go bhféadfadh suas le 300 duine a bheith maraithe in ionsaí a rinne an Rúis ar amharclann ina raibh na céadta ar foscadh ann i gcathair Mariupol an tseachtain seo caite.

Deir finnéithe go measann siad gur maraíodh tuairim is 300 duine san amharclann drámaíochta i Mariupol in ionsaithe a rinne aerárthaigh chógaidh de chuid na Rúise.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy an tseachtain seo caite go raibh na céadta, mná agus leanaí a bhformhór, sa bhfoirgneamh ag an am nuair a ionsaíodh é.

Deir Údaráis na hÚcráine go raibh an Rúis ar an eolas go raibh sibhialtaigh i bhfolach san amharclann.

Idir an dá linn, tuairiscítear gur maraíodh ceathrar agus gortaíodh roinnt eile ag ionad leighis i Kharkiv le linn ionsaithe de chuid na Rúise.

Tuairiscítear gur dhírigh na hionsaithe ar an ionad leighis i gceantar Osnovyansky sa chathair.

Tá scrios uafásach deánta ar Mariupol agus deir Meara na Cathrach sin go dtógfaidh sé blianta an áit a thógáil arís.

Tá bailte agus cathracha eile san Úcráin freisin go mór faoi ionsaí le 30 lá.

Tuairiscítear go bhfuil ceathrar maraithe agus roinnt eile gortaithe in ionsaí ar ionad leighis i Kharkiv.

Tá sé fógartha tráthnóna ag an Rúis go bhfuil an chéad chuid dá feachtas milealta san Ucráin curtha i gcrích aici. Dé réir tuairiscí tá sí le diriú anois ar réigiún Donbass réigiún ina bhfuil lucht troda atá dilís don Rúis.