skip to main content

Ómós léirithe don iar-Stát Rúnaí Meiriceánach, Madeline Albright

Madeleine Albright atá tar éis bháis
Madeleine Albright atá tar éis bháis

Tá ómós léirithe go hidirnáisiúnta don iar-Stát Rúnaí Meiriceánach, Madeline Albright atá tar éis bháis.

Bhí sí 84.

'Chas sí taoide na staire' an cur síos a rinne Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden uirthi, a bhuíochas a dúirt sé 'don bhealach ar chosain sí daonlathas agus cearta daonna agus don chaoi ar labhair sí amach i gcónaí in aghaidh na deachtóireachta.

Mhol an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney í as a hobair 'ar son na síochána i dTuaisceart Éireann'.

'Thacaigh sí i gcónaí leis an bpróiseas síochána gan staonadh' a dúirt an tAire Coveney.

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ag léiriú a chuid ómóis do Albright

Dúirt sé freisin go gcuimhneofar i gcónaí uirthi as an mbaint a bhí aici le bunú Bhínse Fiosraithe na gCoireanna Cogaidh atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

Ba sa tSeicslóvaic mar a bhí, a rugadh
Madeleine Albright agus bhí sí ina teifeach ar feadh tréimhse ina hóige sular bhain sí na Stáit Aontaithe amach i 1948.

Ba í an chéad bhean riamh í i bpost Stát-Rúnaí Mheiriceá agus ba mhór léi leathnú na heagraíochta NATO.