Tá dúshláin mhóra roimh Údarás na Gaeltachta talamh a chur ar fáil do thithe a mbeadh sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine sa Ghaeltacht iad a cheannach, a léirítear i dtaifid atá faighte ag 7LÁ.
Baineann formhór na ndúshlán le rialacha faoi thalamh Stáit a dhíol agus leis an tslí a gcuirtear tithe inacmhainne ar fáil.
Tá an Rinn i gCo Phort Láirge aitheanta ar cheann de dhá cheantar Gaeltachta ina bhféadfaí tithe inacmhainne a thógáil ar thalamh de chuid an Údaráis.
Mar chuid dá bplean teanga, bhunaigh Comhlacht Forbartha na nDéise Meitheal Tithíochta féachaint le dul i ngleic leis na deacrachtaí tithíochta sa Rinn.
Tá ceist na dtithe inacmhainne sa Rinn á plé ag an Mheitheal Tithíochta le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Údarás na Gaeltachta agus Comhlacht Ceadaithe Tithíochta, eagraíocht neamhbhrabúis a sholáthraíonn tithíocht do dhaoine nach bhfuil in acmhainn a dtithe féin a cheannach.
Ar an 8 Deireadh Fómhair 2021, scríobh Údarás na Gaeltachta chuig Roinn na Gaeltachta ag fiosrú an dtiocfadh leo ceithre acra a thabhairt ar láimh nó a dhíol ar luach ainmniúil le Comhlacht Forbartha na nDéise.
Dúirt an tÚdarás go raibh an rogha sin á scrúdú "ar mhaithe le tithíocht inacmhainne a thógáil, a bheadh ar fáil le ceannach ar chostas íseal ag pobal labhartha Gaeilge an cheantair."
Ina bhfreagra, thagair an Roinn do rialacha maidir le maoin Stáit a dhíol agus dúirt siad go bhfiosróidís an cheist leis an Roinn Tithíochta.

Ansin, d'iarr an tÚdarás an dtiocfaí suíomh na Rinne a chur ar an mhargadh le clásail go bhforbrófaí tithe inacmhainne ar an talamh, go gcuirfí coinníoll teanga le gach aonad cónaithe agus go ndéanfaí é de réir rialacha díol maoine an Stáit.
Níor ghlac Roinn na Gaeltachta leis an mholadh mar gheall ar phlé faoin cheist a rinne siad leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chomh maith leis an Roinn Fiontair, Trádála agus Nuálaíochta.
"Feictear gur gá roinnt mhaith oibre a dhéanamh sular féidir aon mholadh nó aon chinneadh a dhéanamh i leith togra mar seo," a dúradh le hÚdarás na Gaeltachta.
Cuireadh ar a súile don Údarás "gur gá an mhaoin a thairiscint do chomhlachtaí Stáit sula bhféadfaí í a chur ar an margadh oscailte nó eile."
Comhairlíodh don Údarás go bhféadfaí rialacha i leith cúnamh Stáit a shárú dá dtabharfaí an talamh ar láimh, dá ndíolfaí ar phraghas ainmniúil é, dá gcuirfí "srianta casta" le díolachán a d’fhágfadh nach n-éireodh ach le dream amháin nó a chinnteodh praghas an-íseal dá bharr.
Dúradh leis an Údarás go gcaithfí an cás a phlé le Comhairle Contae Phort Láirge agus go raibh togra na nDéise ag brath ar riachtanas tithíochta an cheantair, criosú an talaimh agus plean forbartha an chontae.
Iarradh ar an Údarás a chinntiú sa chás go n-éireodh leo an talamh a chur ar an mhargadh nach mbeadh ceannaitheoir in ann an talamh a dhíol ar aghaidh ar phraghas níos airde, nó gan na coinníollacha céanna a bhí sa chéad díolachán nó nach dtitfeadh costas ar an stát dá dteipeadh ar an togra.
Níl feidhm reachtúil ag an Údarás nó ag Roinn na Gaeltachta maidir le cúrsaí pleanála ach amháin sa chás go n-iarrtar orthu aighneacht a dhéanamh maidir le haon fhorbairt a d’fhéadfadh cur isteach ar an Ghaeilge agus oidhreacht chultúrtha na Gaeltachta.
Tá na húdaráis áitiúla, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus an Roinn Tithíochta lárnach i bhforbairt thailte poiblí le haghaidh tithíocht inacmhainne.
In agallamh le 7LÁ, dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go dtuigeann sé fadhb na tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeadh sé go mór ar son scéimeanna tithíochta inacmhainne sna ceantair Ghaeltachta.
Deirtear sna taifid a fuair 7LÁ go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag úsáid chás na Rinne sa phlé atá ar bun acu leis an Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus an Roinn Tithíochta féachaint le teacht ar chreatlach chun tithe inacmhainne a fhorbairt sa Ghaeltacht.
I ráiteas le 7LÁ, dúirt Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge nár pléadh ceist na tithíochta le hÚdarás na Gaeltachta go fóill.
Mar sin féin, ghlac Comhairle Phort Láirge leis go bhfuil praghas na dtithe ard i nGaeltacht na nDéise agus tá siad le fiosrú amach anseo an féidir tithe inacmhainne a chur ar fáil ann ach an t-airgead a bheith ar fáil ón Rialtas.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Údarás ar thalamh na heagraíochta (400 acra) le súil gur féidir é a fhorbairt i bhfianaise na ndúshlán tithíochta sa Ghaeltacht.
Tá suíomh seacht n-acra de chuid an Údaráis sa Spidéal i gCo na Gaillimhe aitheanta mar láthair eile a bhféadfaí tithe inacmhainne a thógáil air.
Beidh tuilleadh faoin scéal eisiach seo ar 7LÁ ag 8 a chlog anocht