Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil os cionn míle duine sáinnnithe i smionagar amharclainne i gcathair Mariupol ar leacaíodh cuid di nuair a rinne fórsaí Rúiseacha ionsaí buamála uirthi arú inné.
Tuairiscítear bordáil le 130 duine a bheith tarraingthe amach as an smionagar ina mbeatha ag lucht tarrthála, ach níl tásc ná tuairisc ar bhunáite na ndaoine - mná agus leanaí - a bhí ar foscadh san amharclann.
In íoslach an tí a bhí na dídeanaithe nuair a séideadh an áit, agus tá lucht tarrthála ar a mbionda ag cartadh na gcaideanna agus na spallaí atá carntha sa mhullach orthu.
Shéan na Rúisigh nár bhuamáil siad an amharclann agus mhaígh nach n-ionsaíonn siad sibhialtaigh.
Is déine an bombardú agus is géire an ghéarchéim i Mariupol ná aon bhall eile den Úcráin ó rinne an Rúis ionradh ar an tír os cionn trí seachtaine ó shin.
Tá muintir na cathrach faoi dhianléigear ag Arm na Rúise ón tús beagnach, agus tá gorta agus galar ag bagairt orthu de cheal riar a gcáis.
Bia agus uisce ní féidir le saoránaigh talamh slán a dhéanamh díobh agus suíomh an tsaoil sa chathair mar atá.