Tá foláireamh tugtha ag báicéirí ín Éirinn go rachaidh praghas aráin in airde ós ón iasacht a fhaigheann siad bunáite a gcuid plúir.

Baineann an scéal le cinneadh Rialtas na hÚcráine cosc a chur ar easpórtáil táirgí gráin le teacht roimh an ngorta sa tír sin atá suaite ag an gcogaíocht.

Tuairiscítear go bhfuil an Bhulgáir, an Rómáin agus an tSeirbia ag cuimhneamh ar an mbeart céanna a dhéanamh.

Dhearbhaigh an báicéir tráchtála i bPort Láirge Dermot Walsh gur ón Úcráin a thagann 10% de sholáthairtí cruithneachta an domhain.

Cé gur le tíortha san Afraic Thuaidh agus san Áise a dhíoltar an chuid is mó de chruithneacht na hÚcráine agus nach bhfuil báicéirí na hÉireann i dtaobh léi, a dúirt sé, rachaidh an scéal i gcion ar sholáthairtí san Eoraip agus ar an bpraghas sa tír seo dá dheasca sin.

Barr mór cruithneachta san Úcráin

Is ón mBreatain, ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ó Cheanada a fhaigheann lucht fuinte na tíre seo a gcuid cruithneachta.

Tá ardú thar cuimse tagtha ar phraghas cruithneachta ón Iúil anuraidh, a dúirt an Breatnach.

€187 an tonna a bhí uirthi an tráth úd i gcomórtas le €407 an tonna faoi láthair.

Thug báicéir mór eile le fios nach féidir linn teacht suas ar an gcruithneacht a fhásann sa tír seo mar nach bhfuil sí cóiriúil don sórt builín aráin a bhfuil Éireannaigh tórtha air ar na saolta seo.

Dar le Tony Kane ó fhuinteoirí Odlums gur chóir don Rialtas breathnú ar fhóirdheontais aráin a thabhairt isteach arís mar a rinneadh leathchéad bliain ó shin.

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue go bhfuil coiste slándála bia le bunú agus beartais eile le cur i bhfeidhm ag an Rialtas i bhfianaise na géarchéime.

Mhaígh sé go bhfuil mortabháil ar gach feirmeoir sa tír tiargáil don am atá le teacht agus barra gráin a chur le cinntiú nach mbeidh aon ghanntanas ann.