Tá foláireamh tugtha ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide faoi ghuaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint.
Deir Cathaoirleach an ghrúpa Hoesung Lee gur foláireamh tubaisteach atá ann maidir leis an tionchar a bheidh ar chúrsaí muna ndéantar gníomhú go pras.
Dúirt an Cathaoirleach gur bagairt mhór atá san athrú aeráide ar shláinte daoine agus ar phlainéad sláintiúil ag rá nach leor lagiarrachtaí a thuillleadh.
Deir an IPCC gur in aineoinn na n-iarrachtaí atá déanta go dtí seo, tá athrú aeráide mar gheall ar ghníomhaíocht an chine daonna ag cur isteach go mór ar an dúlra agus ag cur isteach isteach ar shaol na billiún duine ar fud an domhain.
Is achoimre atá sa Tuarascáil do lucht déanta polasaithe maidir leis an eolas eolaíoch is déanaí faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar chúrsaí.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil guaiseacha aeráide nach féidir a sheachaint i ndán don domhan sa 20 bliain atá amach rómhain mar gheall ar théamh domhanda do 1.5C.
Tarlóidh tuilleadh brothaill, triomaigh, agus tuilte. Tá na milliún duine gann ar bhia agus ar uisce dá bharr cheana féin, go háirithe san Afraic, san Áis agus i lár agus i ndeisceart Mheiriceá Theas chomh maith le ar oileáin bheaga san Artach.