Tá mná ag feitheamh bliain agus tuilleadh le coinne a fháil le dochtúir comhairleach agus iad ag fulaingt leis an neamhord inmheatróis (endometriosis).

Tuigtear go bhfuil 155,000 bean ar a laghad sa tír a bhfuil inmheatróis orthu, - neamhord ina scaipeann fíochán útarach as an mbroinn chuig áiteanna eile sa gcolainn ag spreagadh pian uafásach.

Tá Eagraíocht Inmheatróis na hÉireann ag impí ar an Rialtas plean a chur i bhfeidhm chun ionaid speisialta a fhorbairt le go bhfaighidh mná ar fud na tíre faoiseamh ón bpian.

Ní raibh Lorna Holderied ach ina déagóir nuair a bhuail pain chomh h-olc í nách raibh sí in ann seasamh.

Inmheatróis a bhí ann, fíochán ag fás ní sa mbroinn ach san peilbheas, lamhnán, sa bputóg agus ar orgáin eile.

Cuireadh go dtí an t-ospidéal í ach bhí moill an nag fanacht le díagnóis.

De réir thaighde Eagraíocht Inmheatróis na hÉireann:

Bíonn 9 mbliana moille ar an meán ar bhean ag fáil diagnóis

Tá 155,000 bean sa tír ag strachailt leis an bpian

Buailfidh sé 10% de mhná uair éigin i rith a saoil

Labhair Nuacht TG4 le ceathrar ban faoin neamhord: Dúirt bean i gCiarraí Thuaidh linn go bhfuil sí ag feitheamh le coinne a fháil le dochtiúr comhairleach le breis is bliain.

Dúirt bean i mBaile Átha Cliath go dtéann sí go dtí an Ríocht Aontaithe chun oideas dochtúra a fháil do chógas HRT.

Dúirt bean i gCorcaigh linn go bhfuil sí ag iarraidh €10,000 a bhailiú le ghabháil go Búcairist na Rómáine, ag clinic speisialta do mhná a bhfuil inmheatróis orthu.

Lorna Holderied

Tá 20 bliain cruatain caite ag Lorna Holderied as Abhainn an Scáil i gCorca Dhuibhne. Baineadh na h-ubhagáin aisti anuraidh ach mar sin féin, tháinig an inmheatróis ar ais.

Cé nách feidir le Lorna leanaí a bheith aici tar éis na n-oibráidí agus tar éis a cuid ubhagán a bheith tógtha amach, tá an-mhisneach aici faoin méid atá roimpi.

Bhí cruinniú ag Eagraíocht Inmheatróis na hÉireann le urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane an tseachtain seo caite. Tá seisean chun ceisteanna a chur os comhair na Dála faoin easpa acmhainní atá ann do mhná atá ag fulaingt le hinmheatróis.