Deir Frances Haugen, an bhean a nochtaigh míchleachtais Facebook, go bhfuil géarghá le athbhreithniú neamhspleách ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí sa tír seo.
Ag labhairt go cianda os comhair Chomhchoiste an Oireachtais ar an gCultúr agus na Meáin, dúirt Frances Haugen go bhfuil cuideachtaí ollmhóra teicneolaíochta atá bunaithe i nÉirinn "ag éalú uaidh agus ag seachaint" rialacháin cosanta sonraí.
Ní mór don Rialtas foghlaim ón eolas go léir atá sceite faoi Facebook agus a leithide a dúirt sí agus réimeas nua sábháilteacht airlíne a chur sa tsiúl.
Tá ról eisceachtúil ag Éirinn a dúirt sí ina gcuid dualgaisí agus freagrachtaí a chur ina luí ar na cuideachtaí móra mar gheall gur sa tír seo atá a gceanncheathrú Eorpach ag cuid mhaith acu.
Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí théis a cáineadh ina leith a shéanadh ach tá siad tar éis cuireadh a thabhairt di a gcuid saothair a phlé leo ag cruinniú.
D'fhág Frances Haugen an post a bhí aici le Facebook anuraidh mar gheall a dúirt sí go raibh an chuideachta sin ag déanamh dochair do ghasúir, ag saighdeadh foiréigean ciníoch agus ag baint an bhonn ón daonlathas. Deir sí gur brabach an dia beag atá ag Facebook, gan aird acu ar shábháilteacht an phobail.
Séanann máthairchuideachta Facebook, Meta, na líomhaintí. Deir siad go bhfuil na mílte milliún caite acu ag cinntiú sábháilteachta agus slándála.
Tá, agus bhí riamh, a deir Meta, údar tráchtála acu le ábhar a dhéanfadh dochar a sciúradh den ardán.
"Tá dochar tubaisteach déanta in áiteacha ar nós Maenmar agus an Aetóip de bharr cinntí a socraíodh in oifigí áirgiúla Facebook agus cuideachtaí mar iad i mBaile Átha Cliath" a dúirt France Haugen inniu os comhair Thithe an Oireachtais.