Pléadh cás ar maidin os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, a bhí tugtha ag iarfhostaí de chuid Údarás na Gaeltachta i gcoinne a hiarfhostóirí. Deir an gearánaí nár tugadh conradh tréimhse éiginnte di - nuair a bhí sí i dteideal ceann a fháil - agus gur ansin, gur briseadh as a post go héagórach í.

Deir an tÚdarás, áfach, nach raibh sí i dteideal conradh tréimhse éiginnte agus gur tháinig deireadh lena fostaíocht nuair a roghnaigh sí féin gan a conradh úr a shiniú.

CONARTHAÍ ÉAGSÚLA

Thosaigh an gearánaí ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i 2016.

Shínigh sí trí chonradh taithí oibre agus scoláireachta leo le linn 2016 agus 2017. €23,000 sa bhliain a bhí á shaothrú aici faoi na conarthaí sin. Ag plé le cuntasaíocht a bhí sí.

I 2018, shínigh sí conradh fostaíochta leo.

Faoi mhí na Bealtaine 2020 bhí sé chonradh, in iomlán, sínithe aici (idir chonarthaí oiliúna agus chonarthaí fostaíochta) agus bhí €48,000 sa bhliain á shaothrú aici.

Nuair a tháinig an séú conradh chun críche, rinneadh conradh nua scoláireachta a thairiscint di arís, go raibh tuarastal €23,000 euro sa bhliain luaite leis.

Bhí an gearánaí ag argóint go raibh sí i dteideal conradh tréimhse éiginnte a fháil faoin tráth sin, faoi na coinníollacha céanna a bhí aici faoina séú conradh (is é sin, €48,000 sa bhliain) ar an ábhar go raibh sé chonradh thar thréimhse ceithre bliana curtha isteach aici.

Ar an 30 Meitheamh 2020, tháinig a fostaíocht leis an Údarás chun críche nuair nár shínigh sí an conradh nua.

ACHT UM CHOSAINT FOSTAITHE, 2003

Deir Údarás na Gaeltachta, áfach, nár cuireadh an gearán faoi bhráid an Choimsiúin um Chaidreamh san Áit Oibre in am chun faoiseamh a fháil faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003.

Fiú dá mbeadh an gearán déanta taobh istigh den tréimhse sé mhí atá ceadaithe faoin dlí, níor aontaigh siad leis an tuairim gur chóir go gclúdófaí na conarthaí oiliúna mar thréimhsí fostaíochta, rud a d'fhagfadh nach mbeadh sí i dteideal conradh tréimhse éiginnte ar aon nós.

Mar sin, a deir an tÚdarás, ba chóir go gcaithfí amach an líomhain go raibh an gearánaí i dteideal conradh tréimhse éiginnte.

Maidir leis an dífhostú éagórach, deir siad nár briseadh as a post í; go ndearnadh lucht an Údaráis iad féin a iompar go réasúnta i gcónaí. Cuireadh deireadh lena fostaíocht, a deir siad, nuair a tháinig a conradh chun críche agus nuair a roghnaigh sí féin gan an conradh nua a shíniú.

Ar son an ghearánaí inniu, dúradh nach ndearnadh tagairt ar bith don Acht um Dhífhostú Éagórach in aon cheann de na conarthaí a shínigh sí.

Dúradh gur briseadh as a post í, gan chúis, gan phróiséas.

Fógrófar an breithiúnas ar 21 Márta.