Tá an líon daoine atá ag streachailt leis an saol agus atá fágtha feidheartha ag an gcostas ard maireachtála méadaithe faoi dhó ó thús na paindéime Covid-19 dhá bhliain ó shin, de réir suirbhé nua a rinneadh thar ceann Chumann Naomh Uinseann de Pól.
De réir an tsuirbhé a rinne an comhlacht RED C, tá an líon daoine a bhfuil imní orthu nach mbeidh riar a gcáis acu ó lá go lá méadaithe ó 8% go 19% i gcaitheamh dhá bhliain na paindéime.
Cíos, bia agus téamh baile is mó atá á gcéasadh, a deirtear.
I bhfianaise an tsuirbhé nua, a deir lucht Naomh Uinseann de Pól, ní mór don Rialtas íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an t-íosphá náisiúnta a ardú de réir an ardaithe ar an gcostas maireachtála.
Níos deireanaí inniu, fógróidh an Rialtas beartais éagsúla le cuidiú le daoine an costas ard a bhaineann le bunriachtanais na beatha a sheasamh.
Tuigtear go gcuirfear barr ar €400 milliún ar fáil lena aghaidh seo.
Caithfear €200 milliún ar a laghad den mhéid seo ar chreidmheas aon uaire €113.50 a chur ar fáil do gach líon tí sa Stát.
Is cosúil freisin go n-ardófar an Liúntas Breosla agus an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.
Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Michelle O'Hara ón tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid siúd is go gcuideoidh beartais mar seo le daoine go bhfuil amhras uirthi ina dtaobh.
Beartais aon uaire iad nuair is réiteach a bhfuil bonn láidir faoi atá ag teastáil, dar léi.
Dar le Sinn Féin go bhfuil sé d'acmhainn €1.4 billiún a chaitheamh ar scéimeanna fóirithinte ó tharla go bhfuil amhantar ó Cháin Bhreisluacha nach raibh aon choinne leis sa Státchiste.