Tá an baol ann go bhféadfaí fáil réidh ar fad sa tseirbhís phoiblí leis an riachtanas Gaeilge don ardú céime.

Sin de réir cáipéisí a scaoileadh leis an suíomh idirlín Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Luaitear ann an bealach a bhfuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do ardú céime sa nGarda Síochána.

I measc na gcúiseanna ar moladh sa chás sin bhí an tuairim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu - agus ar dhaoine ó thíortha eile.

Deir saineolaí oideachais go bhfuil baol ann go scaipfidh an dearcadh sin i measc na seirbhíse poiblí agus go bhfágfaidh sin an doras ar oscailt do lucht earcaíochta deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge i ngairmeacha eile.

Cuireadh deireadh 7 mí ó shin leis an riachtanas go mbeadh ar ghardaí ar mhian leo ardú céime go sáirsintí nó cigirí breis agus 50% a fháil i mbéaltriail na Gaeilge.

Ach tá níos mó eolais tagtha chun cinn faoin bpróiséas faoina dtángthas ar an gcinneadh sin.

Is cosúil gur i bpolasaí a bhí á dhréachtadh sa Roinn Dlí agus Cirt i 2018 a ceistíodh an luach a bhaineann le Gaeilge mar riachtanas do sháirsintí nó cigirí.

Luadh go gcuirfeadh an riachtanas Gaeilge bac ar dhaoine go bhfuil disléicse orthu agus a raibh díolúine ón nGaeilge faighte acu ar scoil agus ar eachtrannaigh nach ndearna staidéar ar an nGaeilge.

Tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ina shaineolaí oideachais i DCU.

Tá seisean den tuairim go bhfuil baol ann go n-osclaíonn an smaointeoireacht seo doirse don lucht earcaíochta deireadh a chur le riachtanas Gaeilge i ngairmeacha eile freisin.

Deir sé freisin go bhfuil míthuiscint ann maidir le disléicse agus maidir leis an mbac a chuireann sé ar leanaí ó thaobh fhoghlaim teangacha de....

Idir an dá linn, tá breis agus 700 Garda i ndiaidh a léiriú go bhfuil siad sásta fáinne a chaitheamh lena léiriú don phobal go bhfuil siad sásta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh.