Tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil cead tugtha d'fhear gnó as Baile Átha Cliath,Richard O'Halloran an tSín a fhágáil agus filleadh ar an mbaile.

Ní raibh cead ag Richard O'Halloran - atá ina Stiúrthóir ar Chomhlacht Léasaithe Eitleán - an tSín a fhágáil le beagnach trí bliana mar gheall ar aighneas idir an comhlacht agus údaráis na Síne.

I ráiteas níos luaithe, thagair an Roinn Gnóthaí Eachtracha don chúnamh a fuair siad ó Ambasáid na Síne in Éirinn chomh maith le húdaráis na Síne.

Tuairiscítear go bhfuil Richard O'Halloran, atá tar éis an tSín a fhagáil ar a bhealach abhaile anois thar a bheith sásta leis an gcinneadh.

Tá súil abhaile leis go hÉirinn amárach.