Tá imní léirithe ag eolaithe mara faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cleachtaí míleata fhórsaí airm na Rúise sa bhfarraige amach ó chósta iardheisceart na tíre seo an tseachtain seo chugainn.

Tá na cleachtaí, ina mbeidh usáid rocéad ina measc, beartaithe 240 cíliméadar amach ó chósta an iardheiscirt.

Ón 3-8Feabhra atá i gceist.

Tá an limistéar farraige a bhfuil na cleachtaí beartaithe ann i gceantair atá aitheanta ag rialtas na tíre seo ó 1991 mar thearmann do mhíolta móra agus deilfeanna.

Ainneoin go bhfuil aird idirnáisiúnta tarraingte ag pleananna chleachtaí fhorsaí míleata na Rúise an tseachtain seo chugainn, ní aon rud nua nó as an ngnách cleachtaí míleata ar muir.

Bhi ar a laghad 9 gcinn de chleachtais beartaithe ag forsaí NATO ar na farraigí an bhliain seo caite.

An t-éiceolaí mara, Emma Verling

Ach deir an t-éiceolaí mara, Emma Verling go bhféadfadh droch thionchar a bheith ag an nglór os na cleachtaí seo ar mhíolta móra agus deilfeanna.

Dúirt Dave Wall ó ghúpa Éireannach maidir le míolta móra agus deilfeanna go gcuireann an fhuaim ó chóras sónar an bháid chabhlaigh seo isteach ar na h-ainmhithe.

Dave Wall

Dúirt Dave Wall leis go raibh sé beartaithe ag an ngúpa aighneacht a dhéanamh chun an limistéar farraige seo a shonrú mar limistéar cosanta ionas nach bhféadfadh a thuilleadh de na cleachtaí míleata tarlú ann.