Sa Bhreatain, d'iarr fórsa póilíneachta Scotland Yard gurb é an tagairt is lú a dhéanfaí i dtuarascáil Whitehall do nithe atá á bhfiosrú ag póilíní.

Baineann an fiosrúchán le líomhaintí go raibh cóisirí ar bun in oifigí de chuid Rialtas na Breataine i Sráid Downing i Londain a bhí ag sárú na srianta dianghlasála ag an am.

Deir Scotland Yard nach é atá i gceist aige go gcuirfí moill ar an tuarascáil seo ón státseirbhíseach sinsearach, Sue Gray.

Dhearbhaigh Scotland Yard áfach go raibh sé i dteagmháil le hoifigigh de chuid Rialtas na Breataine, lena chinntiú nach mbeadh an fiosrúchán claonta nó go mbainfí de ar bhealach ar bith.