Tá an Coimisiún Eorpach (CE) cáinte ag Ombudsman an Aontais Eorpaigh,Emily O'Reilly faoi nár thug an CE aon eolas maidir le hidirbheartaíocht a bhí acu leis an gcomhlacht cógaisíochta Pzifer sular dearnadh margadh do vacsaín Covid-19.

Baineann sé seo le teachtaireachtaí téacs idir Uachtarán an CE,Ursula von der Leyen agus ceannaire Pfizer,Albert Bourla.

Tháinig sé chun solais nach bhfuil aon chuntas coinnithe ag an CE ar na teachtaireachtaí.

'Léiríonn sé seo' a deir Emily O'Reilly 'nach raibh aon iarracht ann a thaispeáint go raibh a léithid de theachtaireachtaí ann'.

'Tá easpa trédhearcachta anseo agus íslíú ar chaighdeáin riaracháin sa Choimisiún nach bhfuil sásúil' a deir Emily O'Reilly.

D'iarr sí arís ar an CE iarracht a dhéanamh na téacsanna seo a aimsiú.