Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Slainte (HSE),Paul Reid gur dhíol mór aiféala agus go raibh sé mícheart an bealach ar theip an córas do chúram othar sa tseirbhís CAHMS i ndeisceart Chiarraí.

Dúirt Paul Reid go raibh an HSE meáite dul i ngleic le gach a dtáinig chun cinn i dtuarascáil thromchúiseach a foilsíodh arú inné faoi CAHMS,seirbhísí meabhairghalar na n-óg.

Dúradh sa tuarascáil go raibh na céadta páiste a fuair cógais leighis nár tháinig leo agus go ndearnadh cuid mhór dochair do bheagnach 50 díobh.

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Mícheál Martin gur 'tromcháineadh ar an gcúram a chuirtear ar fáil i gCiarraí Theas atá sa tuarascáil seo'.