Tá cuireadh tugtha d'Ambasadóir na Rúise chun na tíre seo freastal ar éisteacht de Choiste Thithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn.

Tá súil go mbeidh Yuri Filatov i láthair chun cuntas a thabhairt ar a bhfuil beartaithe ag an Rúis maidir leis an Úcráin agus na cleachtaí atá le bheith ar bun ag Cabhlach a thíre amach ó chósta theas na hÉireann.

Dhearbhaigh Cathaoirleach an Choiste OIreachtais tráthnóna inné go raibh an cuireadh seolta aige chuig Ambasáid na Rúise.

Tuigtear go ndéarfar le Yuri Filatov ag an gcoiste nár chóir dul ar aghaidh leis na cleachtaí míleata seo atá beartaithe don Déardaoin seo chugainn.

Cabhlach na Rúise (Íomhá ó 'Getty')

Tá cuireadh tugtha freisin d'Ambasadóir na hÚcráine chun na tíre seo,
Gerasko Larysa, a bheith i láthair ag seisiún den choiste.

Bhí cruinniú inné ag Yuri Filatov le hionadaithe ó thionscail na hiascaireachta in Éirinn, inar pléadh an imní atá ann go bhfágfadh na cleachtaí míleata sa bhfarraige 260 cíliméadar amach ónár gcósta, an stoc éisc i mbaol.

Deir ionadaithe na n-iascairí gur socraíodh go mbeadh crios maolánach i bhfeidhm, a mbeadh an dá thaobh sásta fanacht amach as, ionas nach mbeadh aon choimhlint sa réimse céanna farraige.

Deir iascairí go bhféadfadh stoc éisc a bheith i mbaol ag na cleachtaí

Shéan Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath áfach go ndearna Yuri Filatov a léithid de shocrú leis na hiascairí.

Dúirt an tAmbasadóir Filatov arís eile áfach gur beag a chuirfidh na cleachtaí seo as do chúrsaí iascaireachta agus tá an méid sin dearbhaithe ag an ambasáid.

Beidh siad ar siúl ar feadh 5 lá áfach, gar go maith don áit a mbíonn suas le 60 soitheach leis an tír seo i mbun iascaireachta.

Tá imní á léiriú freisin ag ionadaithe na n-iasacirí go mba fhéidir go mbeadh impleachtaí ann dá gcuid árachais fad is atá cabhlach na Rúise sa réigiún.