Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go bhfuil an tuarascáil a foilsíodh inniu maidir le seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga i gCo Chiarraí thar a bheith tromchúiseach.

Thug an Taoiseach le fios gur theastaigh athbhreithniú ó bhonn ar sheirbhísí meabhairshláinte don aos óg ar fud na tíre i bhfianaise na tuarascála.

Tromcháineadh ar an gcúram a chuirtear ar fáil i gCiarraí Theas atá sa tuarascáil, a dúirt sé.

Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh - rannóg de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - a chuir an cúram ar fáil do na haosánaigh i gCiarraí agus dhearbhaigh Micheál Martin go ndéanfar iniúchadh iomlán ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad ar fud na tíre go léir.

Ag tabhairt freagra a bhí an Taoiseach ar Róisín Shortall ó na Daonlathaithe Sóisialta a dúirt go raibh an méid a bhí sa tuarascáil uafásach.

Dar léi chomh maith go gcaitheann an tuarascáil amhras ar an mbainistíocht i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tar éis an tsaoil, a dúirt sí, d'éirigh sceithire as an eagraíocht mar nach bhfuair sé aon tacaíocht agus gur tugadh cúl droma dó nuair a tharraing sé aird ar an drochobair.

Dúirt Róisín Shortall chomh maith go bhfuil iniúchadh náisiúnta ag teastáil mar go dtarlaíonn sé rómhinic go bhféachann bainisteoirí le sceithirí a chur ina dtost in áit iad uchtach a thabhairt dóibh a scéal a nochtadh.

D''fhreagair an Taoiseach go bhfuil intinn oscailte aige i leith a bhfuil ag teastáil le dul i ndréim leis an gceist.

Creideann sé, a dúirt sé, gur cheart gach gné den scéal a iniúchadh, ceist na sceithirí san áireamh.

Dúirt Micheál Martin freisin go bhfuil sé an-tábhachtach a dhearbhú nach bhfuil aon mhilleán ar thuismitheoirí.

Dochar déanta do 46 páiste a bhí faoi chúram meabhairshláinte