Cheistigh polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i bparlaimint Westminster arís inniu faoi líomhaintí gur sáraíodh rialacha Covid-19 i dteach an Phríomh-Aire i Sráid Downing.
Tá tuarascáil faoi na líomhaintí le tabhairt ar láimh do Rialtas na Breataine inniu nó amárach agus tá an scéal á fhiosrú freisin ag na póilíní.
Is í an státseirbhíseach sinsearach Sue Gray a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile.
Tá eolas a bhailigh Sue Gray agus na líomhaintí a bhfiosrú aici tugtha aici do na póilíní.
Tuairiscítear go bhfuil íomhánna de chóisirí i Sráid Downing i measc an ábhair atá á scrúdú.
Níos túisce inniu, thug urlabhraí Boris Johnson le fios go mbeadh an Príomh-Aire sásta labhairt leis na póilíní ach dúirt, ar a shon sin, nach gcreideann Boris Johnson gur sháraigh sé an dlí.