Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh go hoifigiúil 9,218 cás nua den ghalar Covid-19 ó inné.

Cuimsíonn an líon cásanna nua tástálacha antaigine agus tástálacha um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (ISP) araon.

824 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin 61 níos lú ná inné. Tá 79 othar Covid in aonaid dianchúraim, le hais 76 inné.

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuil grúpa saineolaithe bunaithe ag an Rialtas leis an gcaoi a ndeachthas i ngleic leis an bpaindéim sa Stát a fhiosrú.

Is é an tOllamh Hugh Brady, iar-Uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, cathaoirleach an ghrúpa saineolaithe.

Fógraíodh tráthnóna fosta go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 5,023 cás nua den ghalar ann.

Tá 3,077 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.

393 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, i gcomparáid le 371 inné. Tá 21 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.