Tá an Stát sa tóir arís ar chomhlacht a dhéanfadh athbhreithniú ar an phróiseas roghnúcháin do bhord Údarás na Gaeltachta agus a dhéanfadh moltaí dá réir. Seo an dara huair le sé mhí a bunaíodh comórtas tairisceana.

Tá Roinn na Gaeltachta ag iarraidh moltaí nua faoin tslí is fearr le cuid de chomhaltaí an bhoird a cheapadh "trí chóras daonlathach níos oiriúnaí" agus an chuid eile de na comhaltaí a cheapadh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Dé hAoine seo chugainn an spriocdháta atá ag comhlachtaí le cur isteach ar an chomórtas tairisceana a bhfuil luach €144,000 ann agus atá á riar ag an Oifig um Sholáthar Rialtais thar ceann na Roinne.

Fuarthas réidh leis an toghchán do bhord an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012, tráth a laghdaíodh líon na gcomhaltaí ó scór go dáréag.

Gealladh athbhreithniú ar an scéal i gclár an Rialtais in 2020.

Mar chuid den athbhreithniú, tá Roinn na Gaeltachta chun comhairliúchán poiblí ar líne a eagrú go luath le tuairimí agus moltaí an phobail a fháil i leith na ceiste.

Os cionn 20 comhlacht atá i dteideal cur isteach ar an chomórtas.

Ní dhearna aon chomhlacht iarratas ar an chéad chomórtas tairisceana a heagraíodh an samhradh seo caite.

Deirtear sa cháipéis tairisceana nua atá faighte ag 7Lá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur mithid tabhairt faoi athbhreithniú mar go gcríochnaíonn tréimhse an bhoird reatha in Eanáir 2023. Is i mBéarla atá an cháipéis tairisceana a tugadh do 7Lá.

Aithnítear sa cháipéis gur tharla "iliomad athruithe i gclár na heagraíochta ó 2012" lena n-áirítear an próiseas pleanála teanga atá "ag brath ar ionchur agus ar ghuth leanúnach an phobail ón bhonn anois."

An cháipéis tairisceana

Faoi láthair, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí - an cathaoirleach san áireamh - tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus ainmníonn comhairlí contae ina bhfuil ceantair Ghaeltachta cúigear eile.

Roinneann Comhairlí Contae na Mí, Chorcaí agus Phort Láirge áit amháin ar an bhord eatarthu ar bhonn sealaíochta dhá bhliain.

Tá an bord reatha, ar a bhfuil cúigear ban (ó Mhárta 2021) agus seachtar fear, ar an dara bord a ceapadh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Ó 1980 go dtí 1999, bhí trí chomhalta dhéag ar an bhord, eadhon, an cathaoirleach, cúigear a cheap an tAire agus seachtar a thogh an pobal.

Ó 1999 go dtí 2012, bhí 20 comhalta ar an bhord agus comhaltaí tofa ab ea 17 acu.

Nuair a bhíodh toghchán i gceist, heagraíodh é i bpáirt leis an cheann comhairimh sna contaetha Gaeltachta.

Tá súil ag Roinn na Gaeltachta go rachaidh an comhlacht a cheapfar as los an athbhreithnithe, go rachaidh siad i mbun oibre idir seo agus deireadh an Mhárta agus go mbeidh an obair críochnaithe acu dhá mhí ina dhiaidh sin.

Tá sé i gceist ag an Roinn na hiarratais ón chomórtas tairisceana a scagadh de réir costas (30%), cur chuige (30%), taithí agus acmhainní foirne (25%) agus bainistiú conartha (15%).

Deirtear sa cháipéis tairisceana ainneoin nach bhfuil sé riachtanach gur mhór an cuidiú é tuiscint a bheith ag an chomhlacht ar shaincheisteanna na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Tá foráil san fhógra tairisceana a cheadaíonn don chomhlacht a cheapfar síneadh dhá mhí a lorg.

I ráiteas, dúirt Roinn na Gaeltachta nach mbeadh sé cuí aon rud a rá faoin chomórtas ó tharla go bhfuil sé fós ar bun.

Tugadh le fios sa cháipéis tairisceana go bhfuil timpeall 90 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil buiséad €31,784,000 ag an eagraíocht, chomh maith le €2,225,000 d’airgead caipitil nár caitheadh in 2020.

Dúradh i ráiteas deireadh bliana an Údaráis a eisíodh an tseachtain seo caite gur cruthaíodh 825 post ina gcliantchomhlachtaí anuraidh, sin an líon ab airde in aon bhliain amháin le trí bliana déág.

Tá sé i gceist ag an Roinn freagraí a thugtar sa chomhairliúchán poiblí a fhoilsiú ar a suíomh idirlín ar son na trédhearcachta, mar a dúirt siad.

Roimh an olltogchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais an toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta dá gceapfaí ina Thaoiseach é.