Tá sé tugtha le fios ag iascairí i ndeisceart agus in iarthar na tíre go bhfuil rún ag roinnt acu cur isteach go síochánta ar phleananna chabhlach na Rúise dul i mbun cleachtaí 240 ciliméadar amach ó chósta thiar theas na hÉireann an mhí seo chugainn.

Dar le Patrick Murphy ó eagraíocht ionadaíochta iascairí an deiscirt agus an iarthair gur limistéar farraige an-tábhachtach dóibh atá ann agus gur mian leo bithéagsúlacht agus beathra muirí an limistéir a chosaint.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug sé le fios go bhfuil imní ar na hiascairí go gcuirfidh na cleachtaí mílteata as dá slí mhaireachtála agus leathbhilliún tonna faoitín gorm sa limistéar sin faoi láthair.

Is iad ár n-uiscí iad, a dúirt Patrick Murphy, agus táimid i dteideal iascach a dhéanamh iontu.

I bhfarraigí idirnáisiúnta a bheas na cleachtaí ar bun ag cabhlach na Rúise ach is cuid iad na huiscí sin de limistéar eisiach eacnamaíochta na hÉireann.

Mhaígh Patrick Murphy chomh maith go bhfuil imní ar iascairí go bhféadfadh a gcuid eangacha dul in ascar i bhfomhuireáin na Rúiseach agus go rachadh a mbáid síos mar a tharla cheana.

Tá na hiascairí sásta beart a dhéanamh, a dúirt sé, mar nach bhfuil aon dream eile ag déanamh dada, dar leis.

Dhearbhaigh sé gur agóid shíochánta a bheas ar bun ag na hiascairí agus nach bhfuil sé i gceist acu dul sa bhealach ar longa na Rúise ná treampán mar é a chur orthu.

Ní mian leis na hiascairí ach aird a tharraingt ar a gcás, a dúirt sé.

Dúirt sé gur buille eile fós d'iascairí na tíre seo na cleachtaí míleata, go háirithe i bhfianaise an dochair atá déanta don tionscal iascaireachta sa tír seo le gairid ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.