Tá sé dearbhaithe ag Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) go bhfuil fórsaí míleata na mballstát á gcur ar fuireachas agus go bhfuil tuilleadh long agus scairdeitlean le cur go hOirthear na hEorpa acu.

Tá fórsaí na Rúise ag déanamh inlíochtaí ar an teorainn leis an Úcráin ó mhí na Samhna seo caite agus tá imní ar ECAT go bhfuil na Rúisigh ar shéala ionradh a dhéanamh ar an tír.

Áirítear thart ar 100,000 saighdiúir Rúiseach a bheith bailithe ar an teorainn faoi láthair.

Tá sé tugtha le fios ag ECAT go ndéanfaidh siad gach a mbeidh ag teastáil lena gcomhghuaillithe in Oirthear na hEorpa a chosaint.

Tá sé curtha i leith thíortha an Iarthair ag Rialtas na Rúise, áfach, nach bhfuil siad ach ag fadú na tine.

Dar le lucht faisnéise na Stát Aontaithe go bhféadfadh an Rúis ionruathar a thabhairt faoin Úcráin am ar bith feasta.

Tá taidhleoirí ó roinnt de thíortha an Iarthair tar éis príomhchathair na hÚcráine, Cív, a fhágáil.

Tá caint freisin ar smachtbhannaí a chur ar an Rúis ach tuigtear gurbh fhearr leis an nGearmáin - ballstát ECAT - a bheith níos cúramaí faoi phionós chomh dian sin ag an tráth seo.

Tá Rialtas na Gearmáine ag diúltú cead a thabhairt do thíortha eile airm a rinneadh sa Ghearmáin a dhíol leis an Úcráin.

Os a choinne sin, tá fáilte curtha ag an Úcráin roimh chinneadh an Aontais Eorpach fóirithint airgeadais €1.2 billiún a chur ar fáil don tír.