Tuairiscítear gur báthadh fear tráthnóna amach ó chósta Chontae an Chláir.

Tuigtear gur ag baint fheamainne a bhí an fear ar an imeallthrá ó thuaidh de cheantar Chill Chaoi nuair a scuabadh amach chun na farraige é thart ar a dó a chlog.

Thángthas ar chorp an fhir uair a chloig níos déanaí.